Search Last 7 Days Death Notices
Ó h-Iarnain, (Bungabhla, Inis Mór, Arainn, Co. na Gaillimhe), 23ú Feabhra 2025, Beachlín Pheath Bheachlín, a bhásaigh go suaimhneach. Imithe roimhe tá a thuismitheoirí Michael agus Mary, deartháir Pete agus deirfiúr Noreen. Croíbhriste ina dhiaidh tá a dheirfiúracha Máire, Bríd, Maggie, Theresa, Bairbre agus Áine, deartháireacha Padraic, Michael, Joe, Tim, John agus Máirtín, aintín Peggy, cliamhaineacha, nianna, neachtanna, gaolta, comharsana agus cairde.
Beidh sé á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Chonghaile, Sráid Thobair an Iarla, Gaillimh ón 2i.n. -4i.n. Dé Mairt an 25ú Feabhra. Aistreofar a chorp ina dhiaidh sin go Céibh Ros a’mhíl le haghaidh Bád 6.00i.n. go Inis Mór. Beidh sé á thórramh ina theach cónaithe ón 8.00i.n. Dé Máirt. Léifear Aifreann na Marbh do Bheachlín Dé Céadaoin 26ú Feabhra ag 2.00i.n. i Séipéal Eoghanachta. Créamofar a chorp i gCréamadóir na Sionainne ag 3.00i.n. Déardaoin.
Bláthanna ón gclann amháin, ach is féidir Sintiús a thabhairt do R.N.L.I.
Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Suaimhneas Síoraí tabhair dó a Thiarna
Hernon, (Bungowla, Inis Mór, Aran Islands, Co. Galway), February 23rd 2025, Bartley, peacefully on Sunday morning. Predeceased by his parents Michael & Mary, brother Pete & sister Noreen. Deeply mourned by his sisters Máire, Bríd, Maggie, Theresa, Bairbre & Áine, brothers Padraic, Michael, Joe, Tim, John & Máirtín, brothers-in-law, sisters-in-law and their partners, aunt Peggy, nieces, nephews, relatives, neighbours and friends.
Reposing at Conneely’s Funeral Home, Flood Street, Galway on Tuesday, 25th February from 2.00pm with removal at 4.00pm to Rossaveal Harbour for boat at 6.00pm to Inis Mór. Reposing at his residence from 8.00pm on Tuesday. Requiem Mass will be celebrated for Bartley on Wednesday 26th February in Onaght Church at 2.00pm. Cremation will take place on Thursday 27th February at 3.00pm at Shannon Crematorium.
Family flowers only, donations if desired to R.N.L.I.
Those wishing to sympathise with the family may use the online condolence book below.
I Líonta De go gCastar Sinn
Date Published:
Monday 24th February 2025
Date of Death:
Sunday 23rd February 2025
Make a donation to Royal National Lifeboat Institution (RNLI)
If you would like to make a donation to the chosen charity please click on the button below.
Donate now