Feargal Ó Béarra

Condolence Book for

Feargal Ó Béarra

Both Chuanna, Spiddal, Galway

This Condolence Book is now read-only

60 days after publication, this book becomes ‘read only’ which means that no new condolences may be added; however, the condolence book may be viewed, saved and / or printed at any time.

Loading data...
Comhbhrón ó chroí le Muintir Uí Bhéarra ar fad. Suaimhneas síoraí d' anam Fheargail agus leaba i measc na naomh dhó.
— Ann Marie Ní Fhátharta & Colm
Fear uasal a raibh an-mheas agam air. Comhbhrón libh, Lydia.
— Lydia Groszewski Uí Ruairc
Comhbhrón ó chroí leat agus le do mhuintir, a Ruaidhrí. Go dtuga Dia sólás daoibh i bhur mbris.
— Bláthnaid Uí Fhátharta
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh agus a muintir. Tá saol na Gaeilge agus an saol ar fad níos boichte agus Feargal imithe uainn. Fear uasal ab ea Feargal, ba phléisiúr mór i gcónaí é a bheith ina chomhluadar. Go raibh leaba aige i measc na Naomh.
— Seán Hade, an Bhruiséil
My sincere sympathies to all Feargal’s family, fondest memories of the gentleman he was when we worked together in GA, rest in peace dear Feargal
— Doireann DeBurca
Dear Maedhbh,

Our deepest condolences for your huge loss. Feargal was such a nice and kind person, always helping others and always with a smile. A great father and husband and one of the nicest colleagues. It's so sad that he left so early.
RIP Feargal, me and I'm sure all your colleagues and friends, will always remember you.
— Vassiliki Fouseki
Comhbhrón ó chroí le Meadhbh agus a clann as bás a céile agus a n-athair Feargal, le muintir Uí Bhéarra, le Mícheál , Bobbie Mac Donnchadha agus a dteaglach, le cairde , gaolta agus lucht aitheantais Fheargail ar fad. Suaimhneas síoraí d'anam uasal.
— Coiste Náisiúnta, Comórtas Peile na Gaeltachta
Comhbhrón ó chroí libh uilig faoi bhás Fheargail, suaimhneas síoraí dó.
Áine Ní Churraoin, Bolluisce
— Áine
Comhbhrón le muintir Fheargail uilig. Duine uasal léannta. Ba lá pléisiúrtha é lá seolta a leabhair, "Mè Suibhne". Cóip sínithe fós i mo mhála. Níl d'acmhainn ag léann na Gaeilge é imithe ró-óg
— Seán Ó Mainnín
I am so sorry to hear about Feargal. My condolences to his mother, brothers , Maeve and children and all his family and friends. Rest in peace Feargal - you will never be forgotten.
— Patsy Lewis
Sincere sympathies to Eamonn and family, I am so very sorry to hear of your sad loss.
Rosie
— Rosie McCormack, University of Galway
Deepest sympathy to Maedhbh and children on the very sad loss of your dear Feargal. Condolences too to Feargals family, and to the McDonagh family especially Miceal and Bobby, may your strength and courage be fortified at this sad time. Le gra mhor from all of us here in Westmeath
— Teresa Anderson & Family,
Comhbhrón ó chroi leis an gclann ar fad ar bhás Fheargal. Suaimhneas síoaí dá anam uasal.
— Donal Standun
Duine uasal. Is mór an chreach é. Comhbhrón ó chroí lena mhuintir ar fad.
— Robert Gunning
Comhbhron o chroi libh ar fad
— Patricia agus Jason Jackman
Comhbhrón ó chroí leat a Ruaidhrí agus an clann ar fad ar imeacht Fheargal uaibh.
Leaba i measc na Naomh go raibh aige.
Carol
— Carol Ní Ghionnáin agus a clann Aill na Brún
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh agus na gasúir agus le clann Uí Bhéarra ar bhás Fheargail. Suaimhneas síoraí lena anam.
— Jeannine Woods
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh, clann Uí Bhéarra agus clann Uí Dhonnchadha ar bhás Fheargail.
Solas geal na bhflaitheas dá anam.
— Nuala Uí Aimhirgín,
Cómhbhrón ó chroí le Dónal & muintir Uí Bhéara ar fad ar bhás Fheargal. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
— Orla Francis
Comhbhrón ó chroí le Muintir Uí Bhéarra ar fad.Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.
— Mrs Eileen Francis & clann
Comhbhrón ó chroí le muintir Uí Bhéarra.
Is trua linn bhur mbris.
— Seán Ó hAodha , Ríona Ní Aodha & Siobhán Phinney, Leithrinn
Go ndéanfaidh Dia Trócaire ar a anam. Comhbhrón ó chroí lena chlann, gaolta agus cairde.
— Bríd Ní Ghamhnáin
Comhbhrón ó chroí le muintir Uí Bhéarra.
Is trua liom bhur mbris
— Pádraig Ó Baoill
Sincere sympathies to Feargal's family on his untimely passing. I have good memories of FOB from our student days in Galway. May his gentle soul rest in peace.
— John Mattimoe, Dublin
Tá brón orm nach raibh mé in ann a bheith i láthair ag an teach ná ag an aifreann. Déanaim comhbhrón ó chroí le Méabh, céile Fheargail, lena pháistí, lena mháthair, lena dheartháireacha, agus lena mhuintir is a chairde ar fad. Méala mór a bhás. Ba dhuine uasal macánta é agus scoláire den chéad scoth, agus ba chomhghleacaí dílis cineálta é i gcónaí. Tá léann agus litríocht na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige.
— Uáitéar Mac Gearailt
Comhbhròn ò chroi leis an gclann go lèir ar bhàs Fheargal.
Beannacht Dè lena anam.
— Jimmy &Kathleen Burke Minna
A Fheargail, a chara,

Tá mo chloigeann lán le do ghlór agus le do chuid amhrán le cúpla lá anuas. Cuimhneoidh mé go deo ar an gcéad uair a chuala mé ag gabháil fhoinn thú Tigh Khitt aon bhliain déag ó shin! Ba léir dom an oíche sin go raibh rud eicínt speisialta fút. "...a rare thing..."
Tá ríméad orm gur casadh ar a chéile muid. Rinne tú do rud féin ar do bhealach féin. Tá mé ríméadach agus buíoch freisin go raibh deis againn ceiliúradh a dhéanamh ort Tigh Mholly Déardaoin seo caite.

A Mhaedhbh, tá agus beidh mé ag cuimhneamh ort. Go dtuga Dia sólás duit féin agus d'Aindrias agus do Shaileog. Comhbhrón ó chroí le Piaras, le muintir Mhic Dhonnchadha agus le muintir Uí Bhéarra ar fad.

x
— Bríd-Treasa Ní Ghaoithín
So sorry for your loss! Sally was so proud of her Feargal! May his Beautiful Soul Rest in Peace x
— Na Cailíní Ó Gruaig Ghalánta
Comhbhrón ó chroí leis an gclann uilig ar bhás Fheargal.Beannacht Dé lena anam.
— Josie Lydon, An Cheathrú Rua
An- bhrón orm cloisteáil faoi bhás Fheargail. Sa rang céanna i gColáiste Chroí Mhuire . Duine gaelach, cairdiúil , ceolmhar agus barúil. Comhbhrón lena chann uileag .
— Rita Ní Chatháin, Inis Oirr
Drochscéala é bás Fheargail, ar doiligh é a chreidiúnt fós, ach is iomaí cloch ar a charn atá fágtha aige mar uacht agus oidhreacht ar a thréimhse róghearr ar an saol seo. Comhbhrón ó chroí le Maedhbh, le hAindrias, le Saileog agus le Piaras agus le Muintir Uí Bhéarra agus Muintir Mhic Dhonnchadha ar fad. Bhí aithne agam ar Fheargal mar chomhscoláire liom fadó in OÉG agus mar dhlúthchara ó shin i leith. Is boichte go mór muid dá uireasa. Croí mór isteach a thaiscidh. Fear uasal, Gael go smior. Suaimhneas go raibh aige agus go soilsí síorsholas air. x
— Nóilín Nic Bhloscaidh
Cailliúint mhór do litríocht na Gaeilge; scríbhneoir d'ard chaighdeán agus fear uasal Gaelach ar a bhoinn. Go mbeidh curadhmhír aige go deo i measc na naoimh is na Gaeil.
— Tonaí Ó Roduibh
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh agus na gasúir, Muintir Uí Bhéarra agus Muintir Mhic Dhonnchadha ar bhàs Fheargal.
Suaimhneas síoraí da anam dhílis.
— Josephine & Leo Ó Sé, Tír an Fhia
Comhbhrón ó chroí leis an gclann uilig ar bhás Feargal.
— Michael Willie Ó Cualáin, Boston & An Spidéal
Aithne agam ar Fheargal on scoil agus ina dhiadh, aclai agus acaduil, suim, croi agus duchas, cuimhne speisialta na e agus Aindrias sa amach an currach dhuinn, samhraidh anuraidh. Comhbhron o chroi le Maedhbh, na gasuir agus an clan uilig. Suaimhneas siorai i measc na naomh, tabhair do a Iosa.
— Sean agus Fionnuala Breathnach, Coismeigmor, Na Forbacha
Comhbhron o chroi le Ruari & Catriona Agus clann ar fad ar bhas Feargal. RIP 🙏Fear alainn usual Amhrainin iontach. Bhi se an deas ag ceol leis ag na seisiun Beannacht De lena Anam 🙏🙏
— Paidi Tom Ban & Maggie Breathnach Boston USA
Combhron o chroi Ruairi agus caitriona agus clann Ui Bhearra ar bhas Fheargail . Beannacht De leana anam uasal
— Mici, Niall o Conlain Sidhean
Comhbhrón ó chroí le Sailí agus clann Uí Bhéara & Mhic Donnachadha ar bhás Feargal. Beannacht Dé lena hanam
— Máirín & Peadar Ó Treasaigh, An Spidéal
Tháinig an drochscéal i dtaca le Feargal aniar aduaidh orainn. Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh seans againn a bheith i seomra ranga Feargail agus muidinne i nGaillimh deich mbliana ó shin. Ba mhúinteoir den scoith é Feargal agus cé go raibh rang s'aige iontach doiligh ar fad, bhí Feargal i gcónaí ar fáil le cuidiú a thabhairt dúinn. Ár gcombhrón dá theaghlach agus dá phobal ar fad.
— Seanachán Ó Cinnéide & Amanda Bernhard, Massachusetts
donal sincere sympathy to you your brother micheal your mother and all the extended o bearra family on the sad loss of your brother feargal may he rest in peace noreen kearns in donals class colaiste chroi mhuire
— noreen kearns moycullen
Condolences to the family
— Johnny Chóil Beag
Sincerest sympathies to you Donal and all your family on the passing of your brother Feargal Thinking of you all at this very sad news. Remembered in our thoughts and prayers. RIP Feargal.
— Conor Flynn
Comhbbhróin leat Meadhbh,do chlán agus gaolta..Sorcha,do chlán agus gaolta uilig.Beannacht Dé le do anam a Fheargail.
— Micheál Ó Gaoithín
Comhbhrón ó chroí le Ruairí agus Caitríona agus le Clann Uí Bhéarra ar bhás Fheargail. Ag smaoineamh oraibh go léir ag an am brónach seo. Leaba i measc na Naomh go raibh aige.
— Sheelagh & Domhnall Ó Loingsigh, Cnoc na Raithneach, Inis
Comhbhrón le Maedhbh, na gasùir , agus a chlann uilig,
— Páid Ó Donnchú Na Forbacha
Comhbhrón ó chroí libh ar bhás Fheargail.
Tá cuimhní iontacha agam de agus muid in éineacht lena chéile in Ollscoil na Gaillimhe.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
— Valerie Ní Sheaghdha, Luimneach
Comhbhrón ó chroí libh a mhuintir Uí Bhéarra agus a chairde Fheargail. Is dian deacair mar scéal é. Ba fhial mar ar roinn Feargal a shaineolas agus a chairdeas linne a bhí cúpla bliain ina dhiaidh san ollscoil. Fear uasal, fear físe agus scríbhneoir agus scoláire inspioráideach. Maedhbh, táim ag cuimhneamh go speisialta ort.
— Róisín Ní Ghairbhí, Áth Dara
Deepest sympathy to ruaidhril and Catriona and family of the sad passing of ruaidhril brother fergal may his gentle soul rest in peace
— Mary Walsh gorthnagrough Rosscahill
Fond memories of our time teaching Heritage Studies together in RTC/GMIT. Shocked you are gone but honoured to have known you.
— Paul Gosling
Comhbhrón ó chroí le clann agus muintir Feargal ar fad. Ar dheis Dé lena anam usual.
— Maria agus John McDonagh, Maigh Cuilinn
Comhbhrón ó chroí le Sailí agus clann Uí Bhéara & Mhic Donnachadha ar bhás Feargal. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis x
— Eithne Ni Chonchubhair
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh agus na gasúir, Ruairí, Caitríona agus Muíntir Uí Bhéarra agus muintir Mhic Dhonnchadha ar fad ar bhás Fheargal. Go dtuga Dia sólás daoibhse ag an am uaigneach seo. Beannacht Dé lena anam.
— colm Jimmy, Ann Marie & Clann Ui Churraoin, Minna
Comhbhrón ó croí le Sailí agus clann Uí Bhéara ar bhas Feargal. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis
— Rose agus Breandán ó Callaráin Coilleach An Spidéal
Comhbhron. At dheis De go raibh a anam.
— Tomas O Curraoin, Bearna
Cómhbhrón ó chroí le muintir Uí Bhéara ar fad. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal
— Mike & Nóírín, & Doireann Ní Éilí
So sorry to hear Feargarll has passed sincere sympathies to all his family may he rest in peace 🙏
— Richard ODonnell &family Bothar Bui Carraroe
Comhbhrón ó chroí le Maedhbh agus a ngasúir áille agus le muintir Fheargail go léir. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
— Neasa Conroy, an Bhruiséil
*Ar dheis Dé go raibh a anam.
— Hilary Lennon, Dublin
Có-bhróin le na máthair leis an gclann cáirde & gaolta uilig.. tá sé i measc na n-aingeal Beannacht Dé leis RIP Genevieve as Inis Meáin/ Boston
— Genevieve
Comhbhrón ó chroí le Muíntir Uí Bhéarra , clann, gaolta & cairde Fheargal ar a bhás. Go dtuga Dia sólás daoibhse uilig atá in uaigneas ina dhiaidh.
Fear álainn séimh & de áth orm é bheith mar theagascóir agam fadó sa Acadamh ar an gCeathrú Rua.
Leaba i measc na Naomh dhá anam uasal
— Bríd, Brendan Mulhall & clann Leitirmealláin
    Loading data...