Search Last 7 Days Death Notices
Tar éis bháis age baile, i gCill Chuáin, Baile na nGall, ar an 24 Meitheamh, tá Joe Ruiséal. Cúis mhór bróin a bhás dá chéile Áine (Nic Eoin), dá iníon Eibhlín, dá mhac Seán, dá chliamhain Jer, do bhean a mhic Cepie, dá gharchlann grámhar Darragh, Cathal, Cillian agus Áine, dá dheirfiúr Cití agus a páirtnéar DJ, dá bheirt dearthár Dave agus Euge (agus a chéile Pat), a dheartháracha céile Maidhc agus Joe agus a gclann. Méala mór a bhás leis, do mhuintir Mhic Eoin, dá chomharsain, dá cháirde is dá ghaolta uile.
Imithe roimis ar shlí na fírinne, tá a bheirt deirfiúr Mary agus Áine.
Beidh Joe á thórramh i dTigh Tórraimh Uí Chonchúir sa Daingean, tráthnóna Dé Céadaoin, óna 5pm go dtína 7pm.
Léifear Aifreann na Sochraide dó i Sáipéal na Carraige ar a 11am Déardaoin. Cuirfear ina dhiaidh san é i reilig Chill Chuáin.
Solas na bhFlaitheas dá anam chneasta.
Bláthanna ón gclann amháin, ach más mian, is féidir síntúis a thabhairt do Chumann Duán na hÉireann ag ika.ie.
Reposing at O Connor’s Funeral Home Dingle, on Wednesday (26 June), from 5pm to 7pm. Funeral Mass for Joe will be celebrated at 11am on Thursday.
Burial afterwards in Kilquane Cemetery.
Family flowers only. Donations if desired to the Irish Kidney Association, at ika.ie
Date Published:
Tuesday 25th June 2024
Date of Death:
Monday 24th June 2024