Search Last 7 Days Death Notices
Taréis bháis tá Pádraig Breathnach (Pádraig Chóil Breathnach, An Trá Bháin ó dhúchas) An Sruthán, An Cheathrú Rua, 25ú Lunasa 2021 go suaimhneach in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Cailliúnt mhór a bhás dá bhean chéile Nóra, a chlann mhac, Seán agus a bhean céile Joan (Na Forbacha), Máirtín agus a bhean céile Bríd (An Sruthán) a ghar chlann, Saraibh, Ailbhe, Cian, Clíodhna, agus Éabha, a dheartháir Cóilín (Boston), a dheirfiúracha, Nancy, Kathleen agus Jude (Boston) Treasa, (Cuileán), a aintín Nan Bradley (Huddersfield), a dheartháir céile Seanín , (Warrington).
Ar shli na fírinne roimhe tá a thuismitheoirí Cóil agus Meaig, a dheirfiúr Máirín, a dheartháireacha Mícheál agus John. Suaimhneas na bhFlaitheas dóibh uilig.
Léifear Aifreann na sochraide i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ag 12 meán lae Dé Sathairn 28ú Lúnasa 2021 agus cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Chladhnach.
De bharr treolinte an Rialtais beidh an t-Aifreann príomháideach don chlann amháin.
Is féidir teachtaireacht a fhágail ar an line comhbhróin thíos.
Beidh aifreann na sochraide le feiceáil ag an nasc: https://www.mcnmedia.tv/camera/an-cheathru-rua
I Líonta Dé go gCastar Sinn
Date Published:
Thursday 26th August 2021
Date of Death:
Wednesday 25th August 2021