Search Last 7 Days Death Notices

Go to Advanced Searchvector
Stiofán Mac Donnchadha (Stephen Mhichael Johnny Stephen)

The death has occurred of

Stiofán Mac Donnchadha (Stephen Mhichael Johnny Stephen)

An Gleann Mór, Carraroe, Galway

Tar éis bháis tá Stiofán Mac Donnchadha (Stephen Mhichael Johnny Stephen), An Gleann Mór, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, go suaimhneach in Áras Mhic Dara, An Cheathrú Rua - Dé Domhnaigh, 23ú Márta 2025 in aois a 94 bliain. Ar shlí na fírinne roimhe tá a thuismitheoirí Michael agus Nan (Ó Ceallaigh), a dheirfiúracha agus deartháireacha – Máire, Baba, Donncha (Sonny), Michael, Peadar, Johnny, Máirtín, Bríd agus Pádraig. B’é Stiofán an duine deireannach a bhí fágtha den chlann.

 

Maireann a chuid nianna agus neachtanna, clann a dheirfíre Máire (An Cheathrú Rua), clann a dheirfíre Baba (An Iarmhí/An Mhí/Sasana), clann a dhearthár Sonny (An Cheathrú Rua) agus clann a dhearthár Johnny (Boston USA), col ceathracha, cleamhnaithe agus gaolta eile chomh maith le comharsana agus cairde.

 

Beidh sé á thórramh ina theach cónaithe ar an nGleann Mór tráthnóna Dé Máirt, 25 Márta 2025 idir 5i.n agus 7i.n. Léifear Aifreann na sochraide ag 12 meán lae i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ar an gCéadaoin 26 Márta 2025 agus cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Bharr a’ Doire, An Cheathrú Rua.

 

 

Beidh an tAifreann le feiceáil ar shuíomh idirlín Shéipéal Mhic Dara: https://mcn.live/Camera/an-cheathru-rua

 

Is féidir teachtaireacht chomhbhróin a fhágáil ag an nasc “condolences” thíos más mian leat.

 

Beannacht Dé lena anam uasal

 

 

 

The death has occurred of Stiofán Mac Donnchadha (Stephen Mhichael Johnny Stephen), An Gleann Mór, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe peacefully at Áras Mhic Dara, An Cheathrú Rua on Sunday 23th March 2025 at 94 years of age. Pre-deceased by his parents Michael and Nan (Kelly), brothers and sisters – Máire, Barbara, Donncha (Sonny), Michael, Peadar, Johnny, Máirtín, Bríd and Pádraig. Stephen was the last surviving member of the family.

 

He is survived by his nieces and nephews, his sister Máire’s family (An Cheathrú Rua), his sister Barbara’s family (Westmeath/Meath/England), his brother Sonny’s family (An Cheathrú Rua) and his brother John’s family (Boston USA), cousins, in-laws and other relatives, friends and neighbours.

 

Reposing at his home at An Gleann Mór, An Cheathrú Rua on Tuesday 25th March 2025 between 5pm and 7pm. A funeral mass will be celebrated at 12 Noon on Wednesday 26th March 2025 in Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua followed by burial in Reilig Bharr a’Doire, An Cheathrú Rua.

 

 

The Mass will be live-streamed on the church website at: https://mcn.live/Camera/an-cheathru-rua

 

Messages of condolences may be left at the condolences link below.

 

May his gentle soul rest in eternal peace

 

Date Published:

Monday 24th March 2025

Date of Death:

Sunday 23rd March 2025

Express your sympathy

Would you like to mark a birthday, memorial mass or anniversary for a Loved One?

You can now create a family notice on RIP.ie to remember your loved one.

Send a Sympathy Card

View All

Memorial Gifts

View All