Search Last 7 Days Death Notices

Ann McDonagh

The death has occurred of

Ann McDonagh
(née McDonagh)

Doire Fheartha Mór, Carraroe, Galway

Bhásaigh Ann go suaimhneach in Áras Mhic Dara i gcomhluadar a clann atá croí bhriste ina diaidh. Maireann a fear Máirtín, mac amháin léí Máirtín, clann iníon Donna, Bridie agus Áine, garchlann Antaine, Amy agus Seán, a cuid deirfiúracha Marie, Breda, Evelyn agus Sally Ann, deartháireacha Mick agus John, nianna agus neachtanna.

 

Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis.

 

Iníon le Cóil Choilín Sheáin Antaine agus Bridgie Mhichael Phaitín nach maireann. Imithe roimpe freisin tá a deirfiúr Philomena agus beirt deartháir léí Colm agus Myles.

 

Beidh Ann á tórramh i dteach Donna, Doire Fheartha tráthnóna Déardaoin ón 5 - 7 a chlog, beidh an teach príobháideach seachas sin. Aistreofar a corp chuig Séipéal Mhic Dara ar maidin Dé hAoine i gcóir aifreann an mheán lae. Cuirfear i reilig Naomh Mairéad i gCladhnach í tar éis an aifrinn.

 

Bláthanna ón gclann amháin ach is féidir síntiúis a thabhairt, más mian, do chairde Áras Mhic Dara.

 

Beidh aifreann na Sochraide le feiceáil anseo: an-cheathru-rua - MCN.

 

Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.

 

Reposing at her daughter Donna’s home on Thursday, July 11th from 5pm to 7pm. Funeral Mass Friday (July 12th) at 12 noon in Carraroe Church [H91 EN23], burial after in St Mairéad’s Cemetery, Clynagh.

Family flowers only, donations, if desired, to Cairde Áras Mhic Dara.

 

Please leave your message for Ann’s family on the condolence section below.

 

Date Published:

Tuesday 9th July 2024

Date of Death:

Sunday 7th July 2024

Express your sympathy

Would you like to mark a birthday, memorial mass or anniversary for a Loved One?

You can now create a family notice on RIP.ie to remember your loved one.

Send a Sympathy Card

View All

Memorial Gifts

View All