Search Last 7 Days Death Notices

The death has occurred of
Aodh (Hugh) Mac Giolla Bhríde
Mac Giolla Bhríde, Aodh (Hugh), Sráidbhaile Mhaigh gCláir, Maigh Nuad, Co. Chill Dara agus ó Bhaile an Droichid, An Bun Beag, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ó dhúchas. 8 Deireadh Fómhair, 2018, go suaimhneach i gcomhluadar a theaghlaigh ionúin in Ospidéal Naomh Séamus, tar éis tinnis ghairid, tinneas ar glacadh leis go cróga. Méala mór a bhás dá bhean chéile ionúin, Pauline; dá iníon, Aodhín; dá mhic, Séamus agus Tomás; dá chliamhain, Matt; dá athair céile, Jim; agus dá dheartháireacha, dheirfiúracha, dheirfiúracha céile, dheartháireacha céile, nianna, neachtanna agus chol ceathracha.Beidh a chorp ina luí sa bhaile i Sráidbhaile Mhaigh gCláir, Maigh Nuad, Dé Máirt ó 4.00 i.n. go 8.00 i.n. (teach príobháideach ag amanna eile).
Léifear Aifreann na Sochraide Dé Céadaoin ar 11.00 r.n. i Séipéal Naomh Muire, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Tar éis Aifreann na Sochraide, aistreofar an corp go Reilig Mhachaire Gathlán, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus cuirfear an corp i Reilig Naomh Muire tuairim 5.30 i.n. Bláthanna ón gclann amháin, le bhur dtoil. Síntiúis ina n-ionad chuig Ionad Lae na gCaipisíneach, Baile Átha Cliath.
Suaimhneas síoraí dó.
Date Published:
Monday 8th October 2018
Date of Death:
Monday 8th October 2018