Search Last 7 Days Death Notices
In Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, ar an 24ú Eanáir, bhásaigh Bríd Chearra go suaimhneach, baintreach Jimmí Chearra as an Lochán Beag, Indreabhán ach as Barr Roisín, Ros a Mhíl ó dhúchas, iníon le Michael Breathnach agus Máire Sheáin Catach.
Imithe roimpi tá a muintir Michael agus Máire, a fear Jimmí, a mac Micheál, a deartháireacha Cóilín agus Pádraic, a deirfiúracha Eileen, Cáit agus Treasa.
Go croíbhriste ina diaidh tá a clann Pádraic, Máire, Norita, Martina agus
Geraldine, a deartháireacha Seán agus Micheál i New Zealand, a deirfiúr Bernie agus Nan i Sasana, Beartla agus Mag sa mbaile, a nianna, neachtanna, a garchlann agus a gclann sin.
Beidh sí á tórramh i dTeach Tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc tráthnóna Dé hAoine ón 5-7i.n. Aistreofar a corp isteach go dtí Séipéal a’ Chnoic ina dhiaidh sin. Cuirfear í i Reilg a’ Chnoic tar éis Aifreann na Sochraide Dé Sathairn i Séipéal a’ Chnoic ag a 1.00i.n.
Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Beidh an t-Aifreann dhá chraoladh beo ar shuíomh idirlín Shéipéal a' Chnoic:
seipeal-n-ainnin-2 - MCN (mcnmedia.tv)
Suaimhneas Síoraí Tabhair di a Thiarna
Date Published:
Wednesday 25th January 2023
Date of Death:
Tuesday 24th January 2023