Search Last 7 Days Death Notices

Breandán Ó BUACHALLA

The death has occurred of

Breandán Ó BUACHALLA

Dublin
Ó Buachalla, An tOllamh Breandán (Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Notre Dame) 20 Bealtaine, 2010 (go tobann) in Ospidéal Naomh Uinseann, Breandán Ó Buachalla, Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Notre Dame agus Ollamh Emeritus le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Méala mór a bhás dá chéile ionúin Aingeal (Ní Cháinte), dá chlann ghrámhar Brídóg, Clíona agus Traolach (agus a bpáirtithe John agus Fintan); dá gharchlann mhuirneach Marcus (agus a chéile Laura), Cuán agus Seán Óg; dá dheartháireacha Séamus, Austin agus Finbarr, dá dheirfiúr Rose, agus i gcuimhe a dheirfiúracha eile Stella agus Breeda atá imithe roimhe; dá ghaolta eile agus dá iliomad cairde.



Tabharfar a chorp óna theach cónaithe, 33 Cnoc Na Sí, An Charraig Dhubh, chuig an Eaglais Úinitéireach (Halla Damer tráth) ar Fhaiche Stiabhna i gcomhair searmanais adhlactha ansin ag méanlae inniu, an Satharn, agus díreach ina dhiaidh sin chuig Reilig Mount Venus ar Bhóthar Mount Venus, Sruth na gCloch (Rockbrook), Ráth Fearnáin. Ní gá bláthanna.


Suaimhneas sioraí dá anam uasal.

Date Published:

Friday 21st May 2010

Date of Death:

Thursday 20th May 2010

Express your sympathy

Would you like to mark a birthday, memorial mass or anniversary for a Loved One?

You can now create a family notice on RIP.ie to remember your loved one.

Send a Sympathy Card

View All

Memorial Gifts

View All