Search Last 7 Days Death Notices
Tar éis bháis i nOispís na Gaillimhe, go suaimhneach tar éis tinneas gearr, tá Brid Ní Chuinn nó Brid Mháirtín Chuinn mar ab fhearr aithne uirthi, as Leitirmóir & Arda Thír Oileáin, Gaillimh, ach a raibh cónaí uirthi i mBaile Atha Cliath le blianta fada dá saol, áit ar oibrí sí mar mhuinteoir bunscoile. Imithe roimpi tá a máthair agus a hathair, Brid agus Máirtín Chuinn, a deirfiúracha; Mary (Jeffers), Katherine (Ridge) agus Sally (O’Sullivan), a dearthair John agus a nia Paul. Go croíbhriste ina diaidh, tá a deirfiúr dílis Geraldine, a deartháireacha Michael, Máirtín, Pádraic agus Pearse, deartháireacha céile agus deirfiúracha céile, chomh maith lena nianna, neachtanna, gaolta agus a cuid cáirde go léir.
Beidh sí á tórramh san Ionad le taobh Séipéal Leitirmóir, Dé Céadaoin, 15ú Feabhra ón 5 i.n – 7i.n. Aistreofar a corp isteach sa Séipeal ina dhiaidh sin. Léifear Aifreann na Marbh do Bhrid i Séipéal Leitirmóir, ag 12.00 meán lae, Déardaoin agus cuirfear í i Reilig Leitirmóir tar éis an Aifrinn.
Beidh an t-Aifreann dhá chraoladh beo ar: www.churchtv.ie/lettermore
Bláthanna ón gclann amháin ach is féidir síntiús a thabhairt d’Oispís na Gaillimhe, más mian libh.
Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Ag guí suaimhneas na síoraíochta ar a hanam uasal séimh
********************************
The death has occurred, at The Galway Hospice, peacefully, after a short illness bravely borne of Brid Quinn, Lettermore and Tirellan Heights, Galway , who resided for many years in Dublin where she worked as a Primary Teacher. Predeceased by her parents Máirtín and Bríd Quinn, her sisters Mary (Jeffers), Katherine (Ridge) and Sally (O’Sullivan), her brother John and nephew Paul. Deeply mourned by her sister Geraldine, her brothers Michael, Máirtín, Pádraic and Pearse, her sisters-in-law, her brothers- in-laws, as well as her nieces, nephews, relatives, neighbours and many friends.
Reposing at the Ionad adjacent to Lettermore Church this Wednesday, February 15th from 5.00 – 7.00 p.m. Removal immediately afterwards to the adjoining church.
Requiem Mass for Brid will be celebrated in Lettermore Church at 12.00 midday, on Thursday, February 16th; burial thereafter in Lettermore Cemetery.
Funeral Mass can be viewed on church webcam: www.churchtv.ie/lettermore
Family flowers only, donations if desired to Galway Hospice.
Those wishing to sympathise with the family may use the online condolence book below.
“I líonta Dé go gcastar sinn”
Date Published:
Tuesday 14th February 2023
Date of Death:
Sunday 12th February 2023