Search Last 7 Days Death Notices
Bridín Uí Chonghaile nó Bridín Willie mar ab’ fhearr aithne uirthi, Bothúna, An Spidéal, (Cor na Rón, Indreabhán ó dhucháis) a bhásaigh sa mbaile ar an 14ú Samhain 2023.
Imithe roimpi tá a fear chéile Joe Willie agus a tuismitheoirí Brid agus Mike Cadhain, deartháireacha Michéal, Pádraig, Tom agus Eamonn agus a deirfiúracha Peigín agus Baibín.
Meala mór a bás dá clann , a cúigear mac Willie, Mickey, Tommy, Joey agus Pete, a ceathrar iníonacha Caitriona, Joanne, Breda agus Sharon, a garchlann Oisín, Makayla, Amelia, Michael, James, Liam, Jamie, Ben, Noah agus Ciara. Uaigneach ina diaidh tá a deartháir Máirtín, a deirfiúracha Nan agus Máirín agus a cliamhaineacha ar fad agus grúpa mór cairde, gaolta agus comharsain.
Beidh sí á tórramh ina teach cónaithe óna 3i.n go dtí 7i.n, Dé hAoine, 17ú Samhain 2023. Aistreofar a corp maidin Dé Sathairn, 18ú Samhain ag 11.30 r.n le haghaidh Aifreann na Sochraide i Séipéal Cill Éinde ar an Spidéal ag 12.00 meán lae. Cuirfear í i Reilig an Chnoic i ndiaidh an Aifrinn. Ní bheidh aon tórraimh sa teach maidin Dé Sathairn. Bláthanna ón gclann amháin, ach más mian le daoine, is féidir síntiús a thabhairt do Croí.
Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Beidh Aifreann na Sochraide le feiceáil ar an nasc: An Spidéal – ChurchTV
I Líonta Dé go gCastar Sinn
Bridín Uí Chonghaile (Bridín Willie), passed away peacefully at her residence, on Tuesday 14th November 2023. Predeceased by her husband Joe, parents Bríd & Mike Coyne, brothers Michéal, Pádraig, Tom agus Eamonn, sisters Peigín agus Baibín. Sadly missed by her sons Willie, Mickey, Tommy, Joey and Pete, daughters Caitríona, Joanne, Breda and Sharon, grandchildren Oisín, Makayla, Amelia, Michael, James, Liam, Jamie, Ben, Noah and Ciara, brother Máirtín, sisters Nan and Máirín, nieces, nephews, relatives, neighbours and a large circle of friends.
Reposing at her residence on Friday, 17th November 2023, from 3p.m to 7p.m. Removal from her residence on Saturday, 18th November, at 11.30a.m. to Cill Éinne Church, Spiddal for Requiem Mass at 12 noon. Burial afterwards in Knock Cemetery, Inverin. Family flowers only. Donations, if desired, to Croí.
The funeral Mass can be viewed on the church webcam: An Spidéal – ChurchTV
Those wishing to sympathise with the family can use the online condolence book below.
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis
Date Published:
Wednesday 15th November 2023
Date of Death:
Tuesday 14th November 2023