An tOllamh Máirtín Ó Murchú

Condolence Book for

An tOllamh Máirtín Ó Murchú

Dublin / Cork

After 29/03/26, this book becomes 'read only' which means that no new condolences may be added.

However, the condolence book may be viewed, saved and / or printed at any time.

Loading data...
My deepest sympathies to you, Damhnait, & to your family. You are in my thoughts at this very sad time. May Máirtín rest in peace.
Deepest sympathies Damhnait,Martin,Helen and all of the Ó Murchú family on the very sad passing of Máirtín.

What an accomplished man he was throughout his life,he's sure to be missed sorely by all whom knew and loved him.

Thinking of you all and remembering you in our prayers at this difficult time.
May Máirtín's gentle soul rest in eternal heavenly peace.
A kind and helpful man, unpretentious, encouraging to students, respected for his wide knowledge of Irish and his wonderful command of the spoken language.

Condolences to all his family
Déanaim comhbhrón ó chroí le Helen, le Caoimhín, le Caitríona agus le Damhnait, agus le deartháir Mháirtín, Séamas. Múinteoir agus léachtóir inspioráideach a bhí i Máirtín. Bhí sé foighdeach lách lena chuid mac léinn i gcónaí, mé féin ina measc. Chuaigh an machnamh domhain ceannródaíoch a rinne sé ar stair na Gaeilge i gcion go mór ar an Léann Ceilteach. D’oscail na leabhair agus na haltanna scolártha a d’fhoilsigh sé ár súile do nithe nach raibh tagtha i gceist mórán cheana agus dá dtábhacht sin don staidéar ar an téacs is don anailís théacsúil. Méala millteanach a imeacht, ach beimid buíoch as an oidhreacht ríshaibhir a d’fhág sé againn. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Sincere sympathy to Helen, Damhnait and all the family on Mairtin's passing. May he rest in peace.
Ní maith liom do thrioblóid, a Helen. Comhbhrón ó chroí le do theaghlach agus leat fhéin.

Agus muid sa dara bliain i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1971, tháinig an tOllamh Máirtín inár measc.

Sármhúinteoir é! Neartaigh sé ár spéis i gcúrsaí léinn agus ár ngrá don teanga.

Ollamh lách cineálta é agus Roinn álainn shaibhir á stiúradh aige. Bhí an tádh orainn bheith faoina chúram.

Suaimhneas síoraí aige!
Comhbhrón ó chroí le Helen , le clann agus le muintir Mháirtín. Tá laoch caillte ag pobal na Gaeilge agus ag lucht léinn.
Comhbhron o chroí, a Helen, a Chaitríona, agus an clann ar fad. Suaimhneas sioraí do anam Mháirtín uasal.
My sincere condolences to you Damhnait, and all your family, at this sad time. May Máirtín Rest in Peace.
Helen, Caomhín, Caitríona agus Damhnait, comhbhrón ó chroí libh ar bhású Máirtín. Táimíd ag smaoineamh oraibh.

Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dó anam.
Chuir Máirtín le fairsinge léann na Gaeilge agus le fairsinge na Gaeilge féin. Chuir sé an teanga in oiriúint don don sochtheangeolaíocht fé mar go mbeadh taithí riamh aici ar an sórt so léinn a ionramháil. Thóg sé ar dhúchas na teangan sa chaint agus sa scríobh aige agus bhain searradh breise aisti.
Ba mhaith an ceann comhairle, leis, é agus chuir comhairle a theastaigh orm féin uair. Cara dhílis dom ab ea é agus braithfidh mé uaim é.
Deinim comhbhrón ó chroí lena bhean, Helen, lena dtriúr clainne, le clann a gclainne agus lena dheartháir Séamus.
Comhbhrón croí le Helen, céile Mháirtín, agus lena dtriúr clainne, ina mbris ollmhór. Scoláire mór, fadradharcach ab ea an tOllamh Ó Murchú a scríobh ar iliomad gnéithe de stair na Gaeilge is a dhein obair uathúil, cheannródaíoch ar an gcanúineolaíocht Ghaeilge, ina measc sin magnum opus ar Ghaeilge Pheairtis in Albain. Dhein sé a mhór-dhícheall riamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn in institiúidí léinn agus stáit. Duine neamhspleách ab ea é, a chaith go lách, tacúil le comhghleacaithe agus mic léinn, mar is eol do mhórán againn atá fíorbhuíoch de. Suaimhneas síorraí dá anam uasal.
A Helen a chara, comhbhrón ó chroí leat féin, Caoimhín, Caitríona agus Damhnait ar bhás Mháirtín. Go ndéana Dia trócaire air. Fear uasal, léannta, lách. Is mór an chailliúint é. Ceol na naingeal go gcloise sé.
Professor O’Murchú was a singular presence in Trinity during his highly productive time there. Many had reason too to appreciate his kindness, and his conciliatory skills. As Senior Lecturer in 1980 he intervened in a dispute with the students union (of which I was vice-president), ensuring a rapid end to what had become a nasty and difficult stand-off. He could see the weaknesses on the college side that others could not. As a result, he was able to convince us students to recognise the weaknesses on ours. A deeply intelligent and humane man who was well liked and much admired. Suaimhneas síoraí dá anam.
Is dona linn bhur mbris. Comhbhrón ó chroí libh go léir.
It is with much sadness that I learn of the passing of An tOllamh Máirtín Ó Murchú. He was of considerable help to me during my time in the Dublin Institute for Advanced Studies (1980-84) in providing initial financial support for the research project 'Place-Names of the Isle of Man' for the years 1989-1990 which enabled the project to get off the ground. The project continued on until 2005 which led to the publication of seven volumes between the years 1994 and 2005.
Sending strength to you Cathriona and family at this time of loss. May your Dads strengths live on loudly in your hearts.
Helen agus clann Uí Mhurchú, bhí an-bhrón cloisteáil faoi bhur mbris. Guím chuile shólás oraibh uile ag am an ghátair. Bhí aithne bheag agam ar Mháirtín fadó fadó, fear lách agus séimh. Beannacht Dé air.
Comhbhron ó ćhroi Úna ui Bheirn
Deinim comhbhrón ó chroí leat, a Helen dhil, agus le muintir Uí Mhurchú ar fad ar bhás Mháirtín. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Comhbhrón ó chroí leat féin Helen, agus le do chlann ar bhás Mháirtín. Is dona liom bhur mbris. Fear uasal. Leaba i measc na naomh go raibh aige.
Beidh cuimhne agam go deo ar Mháirtìn, a bhí ina léachtóir agam idir 1976-1980 i gColáiste na Trionóide. Fear lách, cineálta ab ea é. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.
Helen and Family,
We send our deepest condolences on the sudden passing of Mairtin.
We wish you comfort and peace at this sad time.
Is dona liom bás Mháirtín, scoláire den scoth a bhí ann agus duine uasal chomh maith. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Comhbhrón ó chroí le clann Uí Mhurchú faoi bhás Mháirtín. Laoch ar son na Gaeilge agus fear deas cineálta i gcónaí.
A Helen dhil agus a mhuintir Uí Mhurchú, ní maith linn bhur dtrioblóid ar bhás Mháirtín. Fear uasal cineálta a roinn a chuid buanna iomadúla go caoin cineálta le mic léinn agus comhghleacaithe araon. Crothnófar é ach fágann sé oidhreacht luachmhar ina dhiaidh. Suaimhneas síoraí dó agus sólás daoibh féin.
Déanaim Comhbhrón ó chroí le clann Uí Mhurchú faoi bhás Mháirtín. Go raibh maith agat a Mháirtín.
Comhbhrón ó chroí le Helen, Caoimhín, Caitríona agus Damhnait agus le muintir Uí Mhurchú go léir ar son bás Mairtín
Heartfelt sympathies to Helen, Caoimhín,Caitriona Damhnait and extended families on the passing of their beloved Mairtin. He was a very kind and generous person. May he rest in peace. Ar dheis Lámh Dé go raibh a anam dilis.

Mary Prout,
Ballinderry,
Nenagh.
Comhbhrón ó chroí le Helen agus leis an gclann ar fad. Léachtóir iontach, sochtheangeolaíoch ceannródaíoch agus intleachtóir den scoth maidir le cûrsaí cultúrtha. Thairis sin uile duine uasal, lách a bhí ann a chothaigh scoláireacht na Gaeilge go dúthrachtach diongbháilte.
Comhbhrón o chroí duitse Helen ar son bás Mhairtín.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Comhbhrón ó chroí le Helen, Caoimhín, Caitríona agus Damhnait agus le muintir Uí Mhurchú ar fad. Ní imithe uainn atá sé ach é ar a laethanta saoire in Aras Dé.
Comhbhrón ó chroí le Helen, Caoimhín, Caitríona, Damhnait agus a ghaolta ar fad ar bhás Mháirtín.Scoláire inniúil agus Gael ar leith.Go ndéanaí Dia a mhaith ar a anam uasal.
Comhbhron le Helen agus an gclainn uile. Ba chomhleacai leannta, lach e Mairtin a dhirigh m'intinn og ar dhraiocht na teangeolaiochta nuaaimsiri
in am a borraithe, i ndeire na seascadai. Leis an spreaga sin leagadh bunus mo shaoil intleachtula ar feadh na mblianta a bhi romham. Ta me faoi chomaoin aige go deo. Go dtuga Dia suaimhneas siorai da anaim.
With deepest sympathy to the O'Murchú family on the passing of Máirtín, whose friendship as a colleague in Trinity College we enjoyed with immense appreciation for his integrity, the rich lucidity of his mind, his profound passion for the welfare of Ireland expressed so elegantly in his love for the language and literature of her historic culture, and for his very personal concern for the wellbeing of others. Salters Sterling and Michael Hanna
Caitríona, a stór. Comhbhrón ó chroí leat agus le do chlann go léir. Ar dheis Dé go raibh anam d'athair Máirtín. Ag smaoineamh oraibh go léir ag an am deacair seo.
Déanaim comhbhrón ó chroí le Helen, leis an teaghlach uile agus le Séamus ar bhás Mháirtín. Bhí d’ádh orm a bheith ag obair faoin stiúir i Scoil an Léinn Cheiltigh, DIAS agus is é a bhí ábalta, tuisceanach, lách agus stuama mar cheann feadhain. Níl dabht faoi ach gurb é a thionscain Léann na Sochtheangeolaíochta in Éirinn agus d’fhág sé a rian ar réimsí eile léinn ar an gcaoi chéanna. Bhí sé fial flaithiúil le comhghleacaithe agus le mic léinn agus a shaineolas domhain scolártha á roinnt aige, ach é a iarraidh. Suaimhneas síoraí dó.
Comhbhrón ó chroí le Helen agus leis an gclann ar fad faoi bhás Mháirtín. Suaimhneas síoraí dó.
Deinim comhbhrón lena bhean chéile Helen, lena dheartháir Séamas, lena chlainn agus lena dhaoine muinteartha ar fad ar bhás Mháirtín. Duine uasal agus mórscoláire a bhí fial féna chuid léinn. Do bhí sé ina scrúdaitheoir seachtrach ar mo thráchtas dochtúireachta na blianta ó shin agus do chuir comhairle nár bheag orm ina dhia’ san nuair a bhí an tráchtas á réiteach don chló. Suaimhneas síoraí go raibh aige.
Deinim comhbhrón ó chroí leat, Helen, agus leis an gclann ar fad ar bhás Mháirtín uasail.
Níor cheil a chúthail a chineáltas ná a chumas mar scoláire.
Suaimhneas síoraí dá anam.
Comhbhrón ó chroí le Helen agus leis an gclann ar fad ar bhás Mháirtín.

Máirín Mac Góráin
Sincere condolences to you Damhnait and your family on the sad passing of your much cherished Dad,
Go lonraí a anam go geal i bhFlaitheas Dé.
Helen agus an teaghlach ar fad a comhbhrón ó chroí.

Fathach léinn a bhí i Máirtín. Bheadh sé deacair saibhreas a thuisceana in an-chuid réimsí a shárú.

Duine stuama, ciallmhar, tuisceanach ab ea é freisin a chabhraigh le cuid mhaith againn ar an iliomad slite agus Muid ag tosú amach

Braifear uainn é. Go gclúdaí Dia anois é.
Thinking of you Caitríona and all your family at this difficult time. Your father was much loved and will be sorely missed. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Is anois díreach a chuala faoi imeacht obann Mháirtín ar Nuacht TG4 agus ba bhocht an scéala agam é.Bhí Máirtín ina scrúdaitheoir seachtrach ar mo thráchtas taighde MA thiar i samhradh na bliana 1983 agus casadh orm é cúpla uair i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin.Bhí ardmheas agam air agus is fear deas lách neamhshotalach a bhí ann.Deinim comhbhrón lena bhean Helen is lena chlann ar fad.Suaimhneas síoraí go raibh aige
Déanaimid comhbhrón ó chroí leat a Helen agus le bhur gclann, ar bhás do chéile ionúin agus do leath-bhádóir Máirtín. Fear uasal, lách, léannta a thug go fial flaithiúil dá chuid léann do phobal na tíre.
Leaba i measc Naomh na hÉireann go raibh agat a Mháirtín dílis.
My deepest sympathy Helen to you and the family on your great loss. It was a privilege to have known Mairtin. He will be deeply missed. May Mairitin now rest in peace. Bernadette Mac Mahon D.C.
Fear uasal den scoth. Tubaist do mhuinntir na Gaeilge, lucht ollscoile,acadamh, agus oideachas. Nach aige a bhi labhairt na Gaeilge,an teanga, an teolas, an cruinneas agus gan amhras an blas pearsanta. Pearsa imithe as an saol. suaimhneas go raibh aige agus misneach do Helan agus an mhuinntir ar fad.
Deepest condolences to you and to all of your family Damhnait.
Thinking about you. May your father rest in peace.
A Helen, is trua linn beirt go bhfuil Máirtín imithe ar shlí na fírinne.Bhí sé riamh sásta a chuid saineolais a roinnt go fial le scoláirí agus le mic léinn.Is mór an chailliúint é do shaol na Gaeilge agus an léinn.Crothnóidh sibhse, a theaghlach, agus a dheartháir Séamus, uaibh go mór é.
Go raibh turas socair suaimhneach ag a anam uasal suas cuan na nGeall. Máire agus Dónall Ó Baoill.
Déanaim comhbhrón le Helen agus an chlann uile ar bhás Mháirtín. Is mór an chomaoin a chuir sé ar shaol na Gaeilge trína shaineolas sochtheangeolaíochta a roinnt go fial, cuideachtúil. Suaimhneas síoraí dá anam.
Comhbron o croi do Helen agus clann Ui Mhurchu. Leaba I measc na naomh go mbeidh aige. Beannacht De oraibh go leir le linn an am deacair seo.
Is mian linn a mbris a chásamh le Helen, le Séamas agus le muintir Mháirtín.
Fear uasal cineálta maorga. Ba mhór agam an aithne bheag a bhí agam air. Chuir sé rud éigin liom gach comhrá a bhí agam leis. Aireod uaim é. Go ndéana Dia gach maith dhó.
Suaimhneas síoraí go raibh ag 'saorfhlaith na mbriathar binn', Máirtín Ó Murchú.
Fíor comhbhrón leat Helen agus dod' chlann uilig ar bhás Máirtín R.I.P. Fear uasal den scoth.
'LEABA BHREÁ I'MEASC CUIDEACHTA NA NAOMH GO RAIBH AIGE'
Gabhaim comhbrón ó chroí le Helen agus le gaolta Mháirtín ina mbris. Suaimhneas síoraí dó agus solás dá mhuintir.
Laoch imithe agus ba lách é. Cásaim a bhás le Helen is a comhluadar uilig. Suaimhneas síoraí dó.
Ag smaoineamh ort inniu, a Helen. Go dtuga do chuimhní sólás duit agus go raibh suaimhneas síoraí ag Máirtín.
Le comhbhrón ó chroí,
Bhí Máirtín ina stiúrthóir agam don chéim Ph.D i gColáiste na Tríonóide, céim a bronnadh in 1985. Sár-scoláire agus saineolaí, fear tuisceanach, a roinn a chuid domhain-eolais go fial, agus a bhí i gcónaí ar fáil le comhairle chun cruacheisteanna a réiteach. Ní bheidh a leithéid ann arís. Deinim comhbhrón ó chroí le Helen agus lena chlann uile. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal! Seán agus Natalie Ó Riain, Parentis-en-Born, an Fhrainc.
Le Comhbhrón do Helen agus
Muintir Uí Mhurchú uilig ar bhás An tOllamh Máirtín.
Ar dheis Dé go raibh a anam úasal dílis .
    Loading data...