Anraí Ó BRAONÁIN

Condolence Book for

Anraí Ó BRAONÁIN

Blackrock, Dublin

This Condolence Book is now read-only

60 days after publication, this book becomes ‘read only’ which means that no new condolences may be added; however, the condolence book may be viewed, saved and / or printed at any time.

mini-condolence-book
Mini Condolence Books
View All
christmas-sympathy-card
RIP.ie Christmas Sympathy Card
Order Here
With deepest sympathy to all the family. Life is better for having known him. Now never to be forgotten.
Mo chomhbhrón le Cormac agus Muintir Uí Bhraonáin uilig ar bhás Anraí.
Comhbhrón ó chroí le Muintir Uí Bhraonáin ar bhás Anraí. Fear uasal. Chaith mé blianta ar Chuideachta Ghael-Linn leis. Suaimhneas síoraí dá anam dílis.
Comhbhrón ó chroí le Donla agus leis an teaghlach ar fad ar bhás Anraí. Breis is trí scór bliain ó shin - agus scata fochéimithe óga ag gabháil don chéim agus gníomhach sa Chomhchaidreamh - bhí cáil cheana féin ar Anraí mar fhear réitigh agus síochána i gcomhluadar a bhíodh tugtha don chlampar scaití. Bua nár chaill sé riamh. Trócaire ar a anam.
Sincere condolences Luan.. life well lived.. loved by so many family members.. may your dad rest in peace.
Condolences to you all on your loss
I have only just heard of Anraí's death. I met Anraí through ceramics and he was a great supporter of many of us and Ceramics Ireland in general. He brought a couple of my pieces in the early days of my career and it was a huge boost. Anraí was a real gentleman and wonderful company. My condolences to you all. May he rest in peace
Luan and family, my deepest condolences on your loss . I have many fond memories of your lovely dad. May he rest in peace.
Comhbhrón ó chroí le teaghlach Anraí.
Ar Dheis Dé go raibh a Anam Uasal.

Pádraig Ó Baoighill
(Rann na Feirste; Muineachán & Cuideachta Ghael-Linn)
Comhbhrón ó chroí le Caoimhe, Cúnla agus muintir Uí Bhraonáin. Suaimhneas síoraí d'anam Anraí.
Comhbhrón ó chroí le Donla agus an chlann uilig, is dona liom bhur mbris. Beannacht Dé oraibh agus ar Anraí.
Comhbhrón le Donla agus len a clann ar bhás Anraí.
Fear uasal, lách, cinéalta cáirdiúil.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Comhbhrón ó chroí daoibh ar fad a mhuintir Anraí. Duine uasal, comhluadar breá. Suaimhneas síoraí dó
Comhbhrón ó chroi le Donla agus an clann go léir. Fear uasal, cneasta. Leaba i measc na Naoimh aige.
Trócaire Dé ar a anam uasal.
Comhbhrón ó chroí a Dhonla agus agus muintir Bhraonáin ar bhás Anraí.
Fear lán de spleodar, spiorad agus greann.
Ceol na n-aingeal go gcloise sé agus leaba i measc na nGael go raibh aige. .
Máire Aoibhinn - Lochán Beag & Cluain Dolcáin
Sincerest sympathies to Luan and all the family . Our thoughts and prayers are with you . May your father rest in peace
Comhbhrón ó chroí le Luán agus a chlann. Ar dheis Dé go raibh a hanam.
Comhbhrón ó chroí le Cormac, Donla agus muintir Bhraonáin ar bhás Anraí. R.I.P. Iar scoláire dílis do Scoil na Leanaí. Fear cneasta, léannta lán de ghreann.

Máire Ní Chéilleachair
Meala Mor bas Anrai dom a raibh aithne mhaith agam air; iomad sn cartai aifrinn da chairde marbh a shinigh me do. Leighfidh me ceann do fein anois. Mairridh cuimhne an duine caoin uasail sin liom lem shaol. Leaba i measc na naingeal do. An tAth, Mairtin Mac Conmara MSC
Comhbhrón libh Muintir Bhraonáin ar bhúr gcaillteanas. Suaimhneas síoraí d'anam Anraí.
Is trua liom bhur mbris.
Brón ar an mbás.
Leaba i measc na naomh go raibh aige.
Comhbhrón ó chroí.
Duine uasal ar lár.
Donal, comhbhrón ó chroi
Donna , comhbhrón .
Mo chomhbhrón ó chroí leat, a Chaoimhe, agus leis an teaghlach ar fad. Bhí Anraí ina chara mór ag Léachtaí Cholm Cille in Ollscoil Mhá Nuad ar feadh na mblianta. Fear uasal.
Tá brón orm nach raibh ar mo chumas freastal ar an sochraid. Ba fear léannta, cinéalta, cáiridiúl, greannmhar é Anraí agus d'éirigh leis meangadh gáire a chur ar m'aghaidh gach uair gur bhuail mé leis. Bhí an clár raidió a rinne mé le Anraí agus le Fiachna roinnt blianta o shin ar ceann de na cinn is taithneamhaí a rinne mé riamh. Ba lóchrann solais é. Leaba i measc na Naomh go raibh aige. Déanaim comhbhrón leis an teaghlach ar fad agus le mo chomhleacaí in RTÉ Fiachna agus le m'iar chomhdhalta Caoimhe ach go háirithe.
Comhbhrón ó chroí le Donla agus le muintir uilig Anraí. Suaimhneas síoraí dó.
Go gcodhlochaidh tú anocht
Idir Muire is a Mac.
Idir Brighid is a brat.
Idir Colmcille is a sgiath.
Idir Dia is a lámh deas.
Fíor bhuíoch as an gcairdeas, co-bhrón do Dónla & an clann uilig
Mo chomhbhrón le Donla agus le muintear Ui Bhraonain ar bhás Anrai. Fear uasal, fear lách, fear léannta, fear brea. RIP. Muiris Bric, Cathair Saibhbhin.
Comhbhrón le Donla, le Fiachna agus an chlann ar fad ar bhás Anraí. Bhí aithne agam ar Anraí (cé go rabhas an-óg ag an am) nuair a thagadh sé go tigh m'aintín Mollaí i nDún Chaoin. Fear álainn a bhíodh i gcónaí cneasta liom. Beannacht Dé lena anam. 🙏🙏
Déanaim combhrón ó chroí le Donla agus le muintir Uí Bhraonáin uile as bás Anraí. Fear uasal Gaelach, rógaire amach is amach - níl sé imithe uaibh ach imithe romhaibh. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Ba mhaith linn comhbhrón a dhéanamh le Donla agus clann Anraí ina mbris. Duine ar leith ba ea Anraí a chuidigh agus a roinn a chuid eolais go fial linn in obair an Choláiste le blianta fada siar agus táimid buíoch dá réir. Is maith is eol dúinn a dhílse don Ghaoluinn, do chultúr na hÉireann agus do mhuintir na Gaeltachta anseo thíos. Guímid leaba i measc na Naomh agus Mór-Ghael na hÉireann go raibh aige thall. Beannacht Dé leis.
Comhbhrón ó chroí leat a Dhonla agus do chlann. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Comhbhrón ó chroí le Donla agus le muintir Uí Bhraonáin ar bhás Anraí. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
guím comhbhrón ar mo shon agus clann na mBreatnach do bhúr clann uilig. Fear deas làch, críonna agus suimiúil a bhí in Annraoi. Bhí uaisleacht ag baint leis freisin. D' fhág sé a mharc ar na daoine a casadh air. Barróg mór don chlann uilig.Cé nach bhfuil Annraoi linn i gcorp,táim cinnte go maireann a sprid ina chlann agus garmhic. Maireann sé ionainn freisin i gcuimhní. I measc na laoch go raibh sé.
Déanaim comhbhrón ó chroi leat, a Dhonla agus leis an gclann 'uilig. Go raibh suaimhneas síoraí ag an bhfear uasal, dílis.
Déanaim comhbhrón le Donla agus le muintir Uí Bhraonáin ar bhás Anraí. Le linn mo thréimhse scór bliain mar PF ar Ghael Linn agus ó bunaíodh an eagraíocht, bhí Anraí ina chrann taca i gcónaí.
Solas na bhFlaitheas dá anam dílis.
Gael uasal. Ní bheidh a leithéid arís ann, is trua ará. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal dílis.
Comhbhron
Deinim comhbhrón ó chroí leat, a Dhonla.
Comhbhrón ó chroí le Cormac, Rhiannon agus le muintir Uí Bhraonáin ar fad ar bhás Anraí. Beannacht Dé leis.
Brón ar an mbás ... Comhbhrón le muintir Anraí uilig. Fear ana-chneasta, lách, uasal, lán de ghreann.

Is cuimhin liom na blianta ó shoin, nuair a bhí Anraí ina uachtarán ar an gCumann le Béaloideas Éireann, gur thug sé faoi ndeara nach raibh ach beirt nó triúr ina n-uachtaráin roimhe, cé go raibh an cumann ann le fada. Agus ar sé, "since this office seems to confer longevity, I think I'll carry on". Lean sé air. Agus bhí an ceart aige ar chuile bealach!
Ár gcomhbhrón libh uilig ar bhás Anraí. Go ndéana Dia grásta ar a anam
Comhbhrón ó chroí libh ar fad. Fear uasal, eolach, gaelach agus lán de ghreann. Suaimhneas síoraí dá anam. x
Ár gcomhbhrón ó chroí le Clann Uí Bhraonáin ar imeacht Anraí ar shlí na fírinne - a chéile ionúin Donla, a chlann agus clann a chlainne.
Gael uasal, dílis, macánta, lán de ghreann a chaith go fial le gach éinne. Mar bhall fadsheasmhach ar Bhord Bainistíochta na Scoile dhein sé a chion féin ar son an oideachais, na teangan agus an chultúir. Go gcuití Dia leis a luach saothar.
Beannacht Dé lena anam uasal.
Cómhbhrón ó chroí libh ar fad
Sincere condolences to Donla and family on their sad loss.
Comhbhrón ó chroí leat a Dhonla, leis an gclann uilig agus le muintir Uí Bhraonáin agus Uí Fhlathartaigh ar fad ar bhás Anraí, fear lách cáirdiúil, léannta.

Leaba i measc na naomh go raibh aige.
Comhbhrón ó chroí leat a Dhonla agus a mhuintir Uí Bhraonáin agus Uí Fhlatharta uile. Ní maith linn bhur mbris ná bhur dtrioblóid
A Chormaic a chara,

Comhbhrón ó chroí leat féin agus le do mhuintir uilig. Tá sibh inár gcuid smaointe agus ár bpaidreacha. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Comhbhrón ó chroí le Muintir Uí Bhraonáin uilig ar bhás Anraí. Fear uasal cineálta Gaelach. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Comhbhrón ó chroí Cormac, Rhiannon agus an clann uilig.
Is oth linn bhur mbris, a Dhonla agus clann uilig Uí Bhraonáin ar imeacht Anraí ar Shlí na Fírinne dó. Fear uasal, lán de ghreann agus iontach lách i gcónaí. Leaba i measc na Naomh go raibh aige.

Le mór mheas ó, Deirdre agus Aisling Uí Éineacháin agus Seán Ó Gearbháin, Ceathrú na gCloch, Co Mhaigh Eo
Ár gcomhbhrón ó chroí libh go léir ar bhás Anraí. Guímíd sonas síorraí dá anam uasal ar Shlí na Fírinne.
Comhbhrón ó chroí le muintir Bhraonáin ar fad as bhás Anraí. Solas síoraí na bhFlaitheas nGeal dá anam uasal agus sólás go mbí ag a mhuintir ina n-ochlán. Bhí sé de phribléid againn aithne a bheith againn air le blianta fada. Fear íseal uasal, dílis, díograiseach agus fear cuideachtan agus dea-mhuintearais. RIP.
Comhbhrón ó chroí le Fiachna, agus clann Uí Bhraonáin go léir faoi bhás Anraí. Leaba i measc na naomh dhó.
Comhbhrón ó chroí libh go léir. Suaimhneas síoraí dá anam, agus go bhfaighe sibh sólás.
Combhrón ó chroí libh uilig ar bhás Anraí.
Beannacht Dé lena anam dílis.
    Loading data...