Rónán Mac Aodha Bhuí

Condolence Book for

Rónán Mac Aodha Bhuí

Cois Cláidigh, Bunbeg, Donegal

This Condolence Book is now read-only

60 days after publication, this book becomes ‘read only’ which means that no new condolences may be added; however, the condolence book may be viewed, saved and / or printed at any time.

mini-condolence-book
Mini Condolence Books
View All
christmas-sympathy-card
RIP.ie Christmas Sympathy Card
Order Here
Ar dheis Dé, lena dhorn san aer, go raibh a anam dílis.
Comhbhrón ó chroí le bhean chéile agus inion Rónáin, Bernie & Fionnuala, le muintir uile Ronáin, go mór mór Cían agus a chlann, agus a chuid dheirfiúracha agus dheartháireacha eile.
Ar dheis lámh Dé go raibh anam uasal Ronáin
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala agus le muintir uile Rónáin. Ba é croí na féile agus na cuideachta é. Is cuimhin linn an fháilte mhór chroíúil a chuir sé romhainn blianta fada ó shin ag seisiún ceoil i dTeach Hiúdaí chomh maith leis na hoícheanta scléipe agus ceoil ag an Oireachtas bliain i ndiaidh a chéile. Suaimhneas síoraí na bhflaitheas go bhfaighe a anam uasal Gaelach agus go dtuga Dia misneach dá mhuintir in am seo an dobróin.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala agus cairde go léir Rónán. Laoch mór caillte againn. Go raibh maith agat a Rónán, as ucht do chineáltas, spreagadh agus dhearfacht. Dorn san Aer!
Is cuimhin liom a éacht craoltóireachta gach bliain i measc an phobail le linn Seó Beo Rónáin ag Féile an Oireachtais in Óstán an Gleneagle. Choinnigh sé greim ar an gclár agus na sluaite ag brú timpeall air le greann agus grá. Bhíodar i ngrá leis. Ní raibh a shárú le fáil in aon teanga. Suaimhneas leat, a Rónáin agus mórbhuíochas as na cuimhní speisialta.
Rónán and I worked together in RTÉ and became good friends and socialised outside of there. Both of us shared the Pirate Radio background and having the same taste in music and social scene of the era.

Rónán was a good support when problems arose too, but being in his company was always an adventure. I’m sorry we lost contact but have great memories of our friendship of that time.

My condolences to his wife Bernie and his daughter Fionnuala and family and friends, he was a great guy!
Ar dheis Dé go raibh a anam.
cé nach raibh aithne phearsanta agam ort, bhí aithne agam ar do cháil. Bulaí fir! Guím gach sólás ar do chlann, gaolta, comharsain agus cairde. Suaimhneas na bhFlaitheas ort.
Comhbhrón le muintir Mhic Aodha Bhuí faoi bhás Rónán. Chuala mé go minic é ar Radio na Gaeltachta, agus chonaic mé ar TG4 fresin é agus é ag siúil agus ag trachtaireacht ar an Camino. Ní raibh aithne pearsanta agam ar Rónán faraoir ach tá aithne mhaith agam ar Chuimín, Leaba I measc na naomh aige.

Máirtín agus Deirdre de Bhailís, Gaillimh
Comhbhrón ó chroí le muintir Rónán. Fear uasal lán d'anam, spiorad is don chraic. Ar dhéis Dé go raibh a Anam
Comhbhrón ó chroí le clann Rónáin. Thug a ghlór ardú meanman dúinn uilig thar na blianta. Míle buíochas agus dorn san aer duit a Rónáin.
Mo sheanchara Rónán. Doiligh chreidmheáil go bhfuil tú ar shiúil uainn. Mo chéad beannacht le d’anam mór Gaelach.
Chrothnófar go mór tú in achan bhealach ach go háirid ar do chláracha raidio ar bhain muid uilig sult iontach astu. Bhí tú i gconaí go nádúrtha ar an aer agus ba phléisiúr é i gconaí a bheith ag éisteacht leat.

Fear ar leith a bhí ionat agus cara dílis. Go raibh céad míle maith agat as an fís a bhí agat d’ár dteanga agus d’ár n-oidhreacht agus don obair uilig a rinne tú ar a son.

Comhbhrón ó chroí le Bernie agus Fionnuala. Agus muintir Mac Aodha Bhuí ar fad. Go gcuideoidh Dia libh i bhur mbris.

Dorn san aer do Rónán.

Brídín
Comhbhrón ó chroí a Bhernie, a Fhionnuala agus Clann Mhic Aodha Bhuí ar bhás Rónáin.Is tubaisteach an rud é daoibh bás Rónáin agus é ina fhear óg, ábalta.Guimid go gcuidí Dia libh in bhur mbriseadh croí.Bhí muid libh ar líne dá Aifreann tórraimh a bhí galánta ar fad.Le gach beannacht oraibh uilig.Aongus, Caitlín agus an chlann.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala agus le muintir Mhic Aodha Bhuí ar bhás Rónáin. Fear craiceáilte, cineálta, cáirdiúil, spreagúil, speisialta atá imithe i bhfad ró-luath. Codladh sámh a Rónáin, dorn san aer!
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala, lena gclainnte agus le dlúth chairde Rónán. Beidh muid faoi chomaoin agat go brách a Rónáin, an chaoi gur thug tú misneach dhúinn uilig ar go leor leor bealaigh. Fear lách, gealgháireach nach ndéanfar dearmad ort go brách na breithe ort. Tá oidhreacht dochreidte fágtha agat a choinneoidh an solas ag lasadh óir ba tú an réalta thuaidh a bhí ag na Gaeil. Dorn san aer dhuit a chara.
Comhbhrón ó chroí le muintir Rónáin. B’fhathach é i saol na Gaeilge agus, go deimhin, taobh amuigh dhó. Fear álainn uasal mórchríoch ar mhór agam a chairdeas agus a chraiceáltacht nuair a d’oibrigh muid le chéile sna seanlaethanta. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí duit a sheanchara dhílis.
Comhbhrón le Clann 7 Muintir Mac Aodha Bhuí ar bhás Rónáin. Suaimhneas síoraí da anam uasal.
Ard na Caithne. Baile an Fheirtearaigh. Ciarraí.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala, le teaghlach Mhic Aodha Bhuí, teaghlach Mhic Pháidín agus a chairde uilig, le cois na mílte a d’fhág Rónán a lorg orthu thar na mblianta, atá uilig croí bhriste ó fuarthas an droch scéala ar na mallaibh, go raibh ár gcara imithe uainn i bhfad ró-luath. An grá a léirigh agus a spreag sé ar fud fad na tíre agus i bhfad i gcéin, dár dteanga, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht, cinnte ní bheidh a leithead ann i choíche arís. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach. Dorn san aer duit a Rónáin.
Not fair. The world is a lesser place, Ireland a darker nation. Slán agus míle buíochas as an solas, craic, spóirt agus suaimhneas a thabhairt tú do gach duine a bhí ag éisteach. RIP Rónán.
Slán leat anois a chomrádaí. Bhí tionchar agat ar shaol na mílte. Thug tú misneach dúinn. Thug tú dóchas. Thug tú mórtas dúinn.
Thuill tú grá an phobail a chothaigh tú.
Tá súil agam go gcoinneoidh tú d'ár dtreorúí, pé áit a bhfuil tú anois.
Ní bheidh do leithéid arís ann go cinnte.
Tháinig Rónán isteach chugainn sa nuachtán Anois (mar a raibh mé i m'eagarthóir) díreach ón gcoláiste. Láithreach bonn thug sé spraoi agus fuinniúlacht isteach sa seomra nuachta. Ba léir ón tús go raibh cumas iriseoireachta ann ach ba léir freisin gur in obair raidio a chuir sé spéis seachas san iriseoireacht chló. Bhí cumas ar leith ann scaipeadh eolais a cheangal le siamsaíocht. Tá mé an-mhórtasach as aithne a bheith agam air ag tús a shaolré. Mo mhíle comhrón dá mhuintir agus dá chlann. Dorn dó, arís agus arís eile! Shoilsigh sé an saol.
Suaimhneas síoraí dhuit a Rónáin.
Go gcúití Dia do shaothair leat.

Go raibh maith agat
Comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aodha Bhuí agus le cairde Rónáin ar fad. Laochra croíúil, uasal é amach is amach, ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis.
So so sorry to hear of Ronan’s passing. We in big mountain have fond memories working with Ronan on our Duchlan series for RTE. He was so personable, curious and top of his game professionally. We always wanted to work with him since that production but his untimely ill health prevented this.
Condolences to his wife and children, the extended family, the community of Gweedore, RnaG and all the people who knew him.

“Ar dheis Dé go raibh a anam."
/ "May their soul be on God's right
Comhbhrón le muintir Rónán ar fad agus suaimhneas síoraí dhó.

Fear le croí oscailte agus meangadh mór ar a éadan i gcónaí, caillteanais mór dúinn ar fad.
Comhbhrón libh ar fad! Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis!
Sincere sympathy to you Colma and all the Mac Aodha Bhuí family on the sad passing of your brother Rónán. You are in our thoughts and prayers. Suaimhneas na bhFlaitheas dó.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala agus le clann Rónáin ar fad. Laoch ar lár. Go dtuga Dia sólás daoibh sna laethanta amach romhaibh. Suaimhneas síoraí d’anam Rónán.
Dear Bernie and Fionnuala .
Deepest sympathy on the death of Rónán.
He put up a great fight.
May he rest in peace .
Sincere sympathy to all the family on your loss, gone way too soon, may Ronan have eternal rest .
Comhbhrón ó chroí le Bernie & Fionnuala. Fear uasal amach s' amach.
Comhbhrón le teaghlach agus cairde Rónáin. Tá laoch ar lár.
Comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aodha Bhuí ar fad ar bhás Rónáin. Beannacht Dé lena anam dílís.
Comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cáirde Ronán. Fear uasail, croíúil, paiseanta i gcónaí. Bhainimíst ana thaitneamh as a chuid cláracha i gcónaí agus bhíomair i gconaí buíoch do as an dtacaíocht a thug sé don gceol & dúinn ar fad. Suaimhneas síorraí dá anam.
Duine flaithiuil fiuntach Ronan a thug tacaiocht duinn i gconai i dTuaisceart Bhaile Ath Cliath . Mairfidh do spiorad i dteanga na bpaisti , Adh mhor a chomraid.
Comhbhrón ó chroí le muintir Rónán ar fad ina mbris. Ag smaoineamh oraibh ar fad, neart gaire déanta ag eisteach leis thar na blianta. Duinne ar leith e, Dorn san aer.
Devestating to hear the news of Ronan's passing. He was such a beautiful soul and so passionate about the Irish language and the promotion of young artists/musicians. Ní bheidh a leithéid arís ann. Ar deis de go raibh a anam dílis.
Our Deepest Sympathy To Brid Ronan Wife Bernie Daughter Fionnuala And Family Ronan Rest In Peace
Comhbhrón le muintir Rónán uilig, suaimhneas síoraí dhó.

Coinnigh an dorn san aer dúinn a Rónán ar an mbruach thall…
Coinneoimidne an dorn san aer anseo i do chuimhne agus in ómás dhuit.

Ó éisteoir a bhain an sásamh as do chlár ar RnaG
To Brid and the extended Mac Aodha Bhui family sincere sympathy on the death of Ronan. May his soul rest in peace.
Beannacht Dé le d’anam Uasal Gaelach a Rónáin. D’fhág tú do lorg iontach ar ár dteanga ársa. Táimid, na Gaeil faoi chomaoin agat. Máistir na craoltóireachta, a chuir óg agus sean, uasal agus íseal ar a suaimhneas, ba chuma, fad is go raibh Gaeilge acu. Is bocht é gort na Gaeilge anocht dá uireasa ach is mó an chailliúint é dóibh siúd is mó a raibh cion acu air. Comhbhrón lena chlann go háirithe. Suaimhneas Síoraí duit anois a Rónáin, Leaba i measc na nAingeal is na Naomh agat.
Brid and extended family, please accept my sincerest condolences on the death of your brother Ronan, may he rest in peace.
Laoch ar lár. Fear Gaelach, spraoiúil agus spioradálta...Ní dhéanfar dearmad air choíche. Comhbhrón le Bernie, Fionnuala agus a chlann uilig. Beidh spraoi sna flaithis go deo.....nach aoibhinn dóibh....
Comhbhron o chroi Cian, Mary agus Eithne agus leis an gclann Mac Aodha Bhuí ar fad. Ag smaoiniu orthu ar fad ag an am bronach seo. Go mbeidh leaba i measc na aige
Thugadh Rònan ardù croi do sean agus òg ag eisteach leis
Beannacht DÈ lena anam usual
Comhbhrón libh ar fad! Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis!
Comhbhròn ò chroì.Suaimhneas sìoraì.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala, clann agus cairde Rónáin. Ba mhór é ár meas air.
Comhbhrón ó chroí le muintir Rónáin. Ba mhór an onóir dúinn é a bheith páirteach inár oscailt oifigúil i 2010. Táim cinnte go bhfaighidh sé dorn san aer óna Gael ar fad ar neamh.
Slán tamall a chara.
Comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aodha Bhuí ar fad ar bhàs Rónáin.Ar dheis Dé go raibh a anam.
Comhbhrón ó chroí le muintir Rónán. Fear uasal lán d'anam is do spioraid. Cailliúint mhór do phobal na Gaeltachta.
Déanaim chomhbhrón ó chroí le clann Rónán. Go mbeadh leaba aige i measc na naomh, agus go leanfaidh an rian a d’fhág sé ar an bpobal go deo.
Le meas, Síomha
I was lucky enough to work with Rónán in Century Radio a long time ago. Both of us were very young and didn't really know what we were doing but we had a lot of laughs trying to figure it out. He helped me more than I helped him. We had a few nights out over the years since then. I'll miss him. Rest in peace Rónán.
Rónán, beidh tú caillte go brónach. Ba bhreá liom do chláir. D’oscail tú m’intinn don raon ceoil sin. Go raibh maith agat. Codladh go maith. Comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aodha Bhuí ar fad.
Comhbhrón ón chroí leat a Cholma agus leis an gclann ar fad.Ag smaoiniú ortha ar fad.
Go ndeána Dia grásta ar Rónán.
Comhbhrón le Bernie, le Fionnuala agus le muintir Mhic Aodha Bhuí ar bhás Rónáin. Táimid, agus beimid, ag smaoineamh oraibh ar fad sna laethanta dorcha atá romhaibh amach. Go dtuga bhur gcuimhní ar Rónán sólás daoibh. Duine speisialta a bhí ann agus bhí sé d'ádh orainn aithne a chur air. Trócaire sa chré ar Rónán agus dorn san aer dó.
Mo chomhbhrón le Cuimin agus an clann uilig faoi bhás Rónáin. Suaimhneas na bhFlaitheas d'a anam uasal. Crothnófar go mór agus go foirleathan é.
Comhbhrón ó chroí le muintir Mhic Aodha Bhuí ar fad.Beannacht Dé lena Anam Uasal.

Colm & Jacqueline
Gleann an Chnoic
Indreabhan
Beannacht Dé le Rónán Mac Aodha Bhuí agus comhbhrón lena bheanchéile Bernie, lena iníon Fionnuala, a dheirfiúracha - Bríd, Ríona & Colma, a dheartháireacha - Cian, Iarla, Cuimín & Barra, teaghlaigh Mhic Aodha Bhuí agus Mhic Pháidín.
Comhbhrón lena chairde, gaolta, comharsain agus le foireann Raidió na Gaeltachta. Ní imithe uainn agus imithe roimhainn atá Rónán.
Comhbhrón ó chroí le Bernie, Fionnuala, Cuimín, Barra, Colma agus clann Mhic Aodha Bhuí ar fad ar bhás Rónán. Tá ár laoch imithe uainn.

Beannacht Dé leat a Rónáin.
    Loading data...