Search Last 7 Days Death Notices
Mhic Mhathúna (née Ní Dhufaigh) (Baile na nGall, Co. Chiarraí), Emma, 7 Deireadh Fómhair 2018, imithe ar shlí na fírinne lena clann mórthimpeall uirthi agus le cabhair ar leith ón bhfoireann san Aonad Cúram Maolaitheach, Ospidéal na hOllscoile Ciarraí. Máthair dhílis go raibh cion agus gean thar na bearta aici ar a cuid leanaí: Natasha, Séamus, Mario, Oisín agus Donnacha. Iníon Annette nach maireann agus Peter, mar aon lena haintiní, a huncailí, a hiníon baistí, a col ceathracha, a gaolta, a comharsana, agus a cairde, ar caillúint mhór a bás dóibh.
Déarfar Aifreann na sochraide do Emma ar an 9 Deireadh Fómhair 2018 ar a 11.00r.n. i Séipéal na Carraige, Baile na nGall. Aistreofar a corp ina dhiaidh sin go Leas-Ardeaglais Naomh Muire, Baile Átha Cliath d'Aifreann a Sochraide Dé Céadaoin 10 Deireadh Fómhair ar a 12.45i.n. Cuirfear a corp tar éis an Aifrinn i dTeampall Láithreach Briúin, Maigh Nuad. Bláthanna ón gclann amháin. Síntús in ionad don mBráthair Kevin Crowley, Ionad Lae Capuchin, Sráid Bowes, Baile Átha Cliath. Tigh príobháideach.
Suaimhneas síoraí dá hanam cneasta.
Date Published:
Monday 8th October 2018
Date of Death:
Sunday 7th October 2018
