Search Last 7 Days Death Notices
Ó BÉARRA, FEARGAL (An Bhruiséal, An Bheilg agus Both Chuanna, An Spidéal) a d’éag go suaimhneach i gClinic na Gaillimhe ar an 21 Nollaig 2022.
Imithe roimhe tá a athair Ted agus a neacht Bróna.
Á chaoineadh go cráite tá a chéile cléibh Maedhbh Nic Dhonnchadha agus a gclann Aindrias Micheál agus Saileog Bairbre agus a mhac Piaras (Bonn, An Ghearmáin).
Croíbhriste ina dhiaidh tá a mháthair Sorcha Uí Bhéarra agus a dheartháireacha Micheál, Dónal, Éamon agus Ruaidhrí.
Caillúint mhór a bhás dá chliamhain Caitríona Ní Fhiannachta, dá nianna agus dá neachtanna Sinéad, Éamon Óg, Sadhbh, Orla, Éanna, Fiach, Macdara, Ruadhán, Ruaidhrí Óg agus Labhaoise, agus dá ghaolta agus dá chairde i bhfad agus i ngearr. Go mór faoi bhrón freisin tá clann Mhic Dhonnchadha ar an gCeathrú Rua – Micheál agus Bobbie, Maolra agus Sarah agus Bríd Áine agus Michael.
Beidh sé á thórramh Tigh Ruaidhrí agus Chaitríona Uí Bhéarra, Both Chuanna, An Spidéal (H91 P2XP) idir 4-8 i.n. Déardaoin, an 22 Nollaig 2022.
Léifear Aifreann na sochraide dó i gCill Éinde, An Spidéal ag 12 i.n. Dé hAoine, an 23 Nollaig 2022. Cuirfear i Reilig an Choilligh tar éis an aifrinn é.
Is féidir Aifreann na Sochraide a fheiceáil ar suíomh idirlíne an tSéipéil ag https://www.churchtv.ie/spiddal/
Bláthanna ón gclann amháin, síntiús más mian chuig crann.ie.
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an láimh a chuir”.
Date Published:
Wednesday 21st December 2022
Date of Death:
Wednesday 21st December 2022