Search Last 7 Days Death Notices
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.
Maireann a fear Pádraic, a clann Tríona, Micheál agus Sinéad, a cliamhaineachaí Willie, Brídín agus Cathal, chomh maith le clann a clainne – Máirtín, Seán, Tomás agus Liam Seoighe, Pádraic, Rónán, Aonghus agus Micheáilín Ó Ráinne, Ruadharc agus Kate Ní Mhainín. Croíbhiste ina diaidh tá a deirfiúracha agus a deartháireachaí - Sally, Nan, Nóirín agus a fear Pete, Peigí agus a fear Kevin, Pádraic agus a bhean Nan, Seán agus agus bhean Máire, Colm agus a bhean Joan, Bertie agus a bhean Mary.
Ba as Tír an Fhia ó dhúchas í, iníon le Bríd Nóra Mhéine agus Michael Mór Ó Conghaile nach maireann. Imithe roimpi freisin tá a cuid deartháireacha Máirtín agus Michael agus a deirfiúr Bríd.
Beidh Máire á tórramh sa mbaile sa Trá Bháin tráthnóna Dé Céadaoin ón 4in – 7in. Déarfar an páidrín ansin ag a 9 a chlog. Aistreofar a corp chuig Séipéal Thír an Fhia (H91 R922) maidin Déardaoin d'aifreann an 11rn. Cuirfear í i Reilig na Trá Báine tar éis an aifrinn.
Más mian leat, beidh deis agat síntiúis a thabhairt d’Oispís na Gaillimhe le linn na sochraide.
Is féidir teachtaireacht chomhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Date Published:
Tuesday 24th February 2026
Date of Death:
Monday 23rd February 2026
