Search Last 7 Days Death Notices
Bhásaigh Mary Ní Loideáin nó Mary Mhicí mar a bfhearr aithne uirthi, Muigh-inis, Carna, go suaimhneach in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe ar 22ú lá de mhí Mhárta 2026.
Imithe roimpi ar shlí na fírinne tá a hathair Michael agus a máthair Kate.
Uaigneach ina diaidh tá gaolta, comharsana agus a cairde uilig.
Socruithe Sochraide
Beidh sí á tórramh i dTeach Tórraimh Uí Mhealóid (H91 D2NK) ón 6 i.n. go dtí an 8 i.n. tráthnóna Dé Céadaoin, 25ú lá de mhí Mhárta. Aistreofar a corp ina dhiaidh sin go Séipéal Mhuire i gCarna (H91 DC53). Léifear Aifreann na Sochraide ag a haon a chlog, Déardaoin, an 26ú lá de mhí Mhárta. Cuirfear í i reilig Mhuigh-inse tar éis an Aifrinn.
Go dtuga Dia solas na bhFlaitheas di.
Más mian leat do chomhbhrón a chur in iúl, is féidir teachtaireacht a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
~~~~~~~~
Mary (Mynish, Carna, Co. Galway), Lydon, 22nd March 2026, passed away peacefully at Galway University Hospital.
Predeceased by her father Michael and her Mother Kate.
Sadly missed by her relatives, neighbours and friends.
Funeral Arrangements
Reposing at Mylotte’s Funeral Home, Carna (H91 D2NK) on Wednesday, 25th March, from 6pm to 8pm, followed by removal to Séipéal Mhuire, Carna (H91 DC53).
Funeral Mass will be celebrated at 1pm on Thursday, 26th March with burial afterwards in Mynish Cemetery.
Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílis.
Those wishing to sympathise with the family can use the online book below.
Date Published:
Monday 23rd March 2026
Date of Death:
Sunday 22nd March 2026
