Search Last 7 Days Death Notices
Tar éis bháis ina theach cónaithe i Leitir Móir tá Michaelín Mhichael Mhóir Ó Conghaile as Tír an Fhia agus Chicago. Imithe roimhe tá a athair Michael Mór Ó Conghaile, a mháthair Bríd Nóra Mhéine, a dheartháir Máirtín agus a dheirfiúr Bríd, chomh maith lena chéad bhean Christina. Is méala mór a bhás dá bhean chéile ionúin Mary, dá chlann mhac Micheál agus Séamus, a iníon Orla, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, a gharchlann agus a mhuintir uilig.
Beidh sé á thóramh ina theach cónaithe (H91 E81X) ar an Máirt agus Céadaoin (30ú, 31ú Bealtaine) ón 5-9 i.n. Léifear Aifreann na Sochraide Déardaoin an 1ú Meitheamh ag 12 meán lae i Séipéal Mhuire gan Smál, Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe (H91 R922).Cuirfear i ndiaidh an aifrinn é i Reilig Leitir Móir.
Beidh Aifreann na Sochraide ar líne: https://fb.me/e/4gxrCfZM3
Más mian leat teachtaireacht comhbhróin a fhágáil tá nasc thíos don Leabhar Comhbhróin atá ar líne.
Ar dheis Dé go raibh a anam dhílis
The death has occurred of Mike Conneely (Michaelín Mhichael Mhóir) of Tír an Fhia, Leitir Móir and Chicago at his home with his loving wife, Mary, by his side. Predeceased by his first wife Christina, his parents, Michael Mór and Bríd Nóra Mhéine, his triplet brother Máirtín and his sister Bríd. Deeply missed by his loving wife Mary, his sons Micheál and Séamus and daughter Orla, his brothers and sisters, grandchildren, family and friends.
Reposing at his residence in Lettermore (H91 E81X) on Tuesday and Wednesday (30th & 31st May) from 5-9pm. Funeral Mass will be held at 12 noon on Thursday 1st June in the Church of the Immaculate Conception Tiernee, Lettermore, Co. Galway (H91 R922). Burial afterwards in Lettermore Cemetery.
The Funeral Mass can be viewed online: https://fb.me/e/4gxrCfZM3
Those wishing to sympathise with the family, please find the online book of condolence below.
May his soul rest in peace
Date Published:
Monday 29th May 2023
Date of Death:
Sunday 28th May 2023
