Search Last 7 Days Death Notices
Ó Curraoin, Mícheál, Doctor Michael, (Roisín na Mainiach, Carna). Fear singil, aois 85 bliain. Maireann triúr deartháir agus deirfiúr amháin leis mar aon le gaolta eile. Beidh sé dhá thórramh ina theach cónaithe i Roisín na Mianiach ón 4 tráthnóna amárach, Déardaoin 10 Meitheamh. Tabharfar a chorp go dtí Séipéal Mhuire i gCarna le haghaidh Aifreann an Mheán Lae Dé hAoine, 11 Meitheamh agus cuirfear é ina dhiadh sin i Reilig Mhuighinse.
Bhí aithne mhór ar Doctor Michael, bhuach sé duaiseanna Oireachtais agus duaiseanna ag na Fleadhanna Ceoil as ucht a chuid amhránaíochta ar an sean nóis sna seascaidí agus sna seachtóidí agus bhunaigh sé roinnt grúpaí ceoil sna blianta sin freisin, ina measc, Banna Ceoil Naomh Ciaráin, agus Doctor Micheal agus a chairde.
Más maith leat do chomhbhrón a chur in iúil is féidir leat d’ainm a chur ar an leabhar thíos.
Go ndéana Dia Grásta agus Trócaire ar a anam dílis
Date Published:
Wednesday 9th June 2021
Date of Death:
Tuesday 8th June 2021
