Search Last 7 Days Death Notices
Ní Bhrolcháin Muireann (Má Nuad, Co.Chill Dara agus Bóthar na Trá, Gaillimh, tráth, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Páirtí an Lucht Oibre agus Comhairle Pobail Mhá Nuad) - 14ú Aibreán 2015 (go síochánta) in Ospís Naomh Proinnsias i mBaile Bhlainséir. Páirtí ionúin Don, máthair Eithne agus Rachel agus seanmháthair Chara. Méala mór a bás dá clann , dá páirtí agus dá hiníonacha grámhara, dá gariníon, dá deirfiúracha, Clíona agus Deirbhile, dá comhghleacaithe, agus dá gaolta agus dá cuid cairde uilig.
Beidh sí á torramh um tráthnóna inniu (Dé hAoine) idir 4.00 i.n. agus 7.00 i.n. in Ospía Naomh Proinnsias i mBaile Bhlainséir. Beidh a corp á thabhairt tráthnóna Dé Sathairn go dtí Créamatóiriam Ghlas Naíon agus beidh seirbhís sochraide ansin ag 1.30 i.n. Bláthanna teaghlaigh amháin. Síntiúis más toil chuig Ospís Naomh Proinnsias i mBaile Bhlainséir.
Date Published:
Thursday 16th April 2015
Date of Death:
Tuesday 14th April 2015