Search Last 7 Days Death Notices
An Rinn, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Pádraig Shéamuis Ó Conghaile, go suaimhneach ina theach cónaithe. Méala mór a bhás dá bhean chéile Peige, a iníon Nóirín agus a fear céile Barry, a gharchlann, Adhna agus Pádraig, a dheirfiúr Máirín, a dheartháireacha, Johnny agus Cóilín, nianna, neachtanna, gaolta, comharsain agus cairde go leor.
Ar shli na fírinne roimhe tá a dheartháir Michael. Suaimhneas na bhFlaitheas dá anam.
Beidh sé á thórramh i dteach Tórraimh Uí Loideáin, An Cheathrú Rua, Dé Céadaoin 2ú Márta 2022 ón 5pm to 7pm. Léifear Aifreann na sochraide i Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Déardaoin ag meán lae. Cuirfear é i reilig Mhuicineach idir Dhá Sháile théis an aifrinn.
Beidh an t-aifreann dhá chraoladh beo ar:
https://mcnmedia.tv/camera/an-cheathru-rua
Leanfar le treoirlínte Covid-19 le linn na Sochraide. Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc thíos.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Date Published:
Tuesday 1st March 2022
Date of Death:
Monday 28th February 2022