Search Last 7 Days Death Notices
Fuair Pádraig Ó Dochartaigh, Pádraig Chití Tim as Bealach na Trá, Na Doirí Beaga ach gurb as Baile Láir ó dhúchas dó, bás in Áras Ghaoth Dobhair inniú, an 18ú Feabhra. Ar shlí na fírinne roimhe tá a athair & a mháthair; Barney Beag & Cití Tim, a dheartháireacha; Owenie, Teddy & Séamus agus a neacht Maria. Maireann a bhean chéile Annette, iníon Deirdre agus a chuid mic ; Antoin (Delia), Ferdia (Nora) & Setanta (Siobhán), garpháistí; Síofra, Fionn, Feilim, Flora, Culann, Mia, Fodhla, Setanta, Manus, Tuathal, Bébhinn, Aonghus & Maude, a dheartháir Hughie Chití Tim, a dheirfiúracha; Máire Murtagh & Sheila Sweeney, deirfiúracha cleamhnais; Nora & Nuala Doherty chomh maith le gaolta eile & cairde.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
Dhéanfar é a fhaire i dTeach Tórraimh Uí Rabhartaigh sná Doirí Beaga (F92 DN4X) amárach (Déardaoin) ón 12 a chlog go ham paidrín ag a 8 a chlog. Aistreofar a chorp 'na bhaile ina dhiaidh sin lena fhaire Dé hAoine ón 12- 8 a chlog.
Beidh an fhaire sa bhaile don teaghlach & cairde amháin.
Cuirfear é i Reilig Mhachaire Gathlán Dé Sathairn (21ú) i ndiaidh Aifreann Tórraimh ag a 11 a chlog i dTeach Pobail an Chroí Ró-Naofa Dún Lúiche (F92 N668).
********************************************
The death has taken place in Áras Ghaoth Dobhair of Pádraig Doherty, Strand Road, Derrybeg. His remains will repose at Roarty's Funeral Home Derrybeg tomorrow, Thursday from 12pm - 8pm. Rosary at 8pm. Removal afterwards to the family home to repose on Friday from 12pm - 8pm.
House private to family & friends only.
Pádraig's Funeral Mass will take place on Saturday (21st) at 11am in The Church of the Sacred Heart, Dunlewey ((F92 N668), interment afterwards in Magheragallon Cemetery. The Funeral Mass can be viewed live on Kieran Roarty Funeral Director's Facebook page on on the church webcam via MCN Media. Family Flowers only please, Donations in lieu to Áras Ghaoth Dobhair.
Date Published:
Wednesday 18th February 2026
Date of Death:
Wednesday 18th February 2026
