Search Last 7 Days Death Notices
An Bóthar Buí , An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Peadar Tommie Mac Donncha, go suaimhneach in Áras Chois Fharraige. Méala mór a bhás dá bhean chéile Mairéad Cullen, a iníon Brídín agus a fear céile Goorik, a gharchlann, Lúcás agus Peadar-Jim, a a dheartháir, Tomás, a dheirfiúr Bairbre, a dheirfiúr céile Mary, nianna, neachtanna, gaolta, comharsain agus cairde go leor.
Aistreofar a chorp chuig a theach cónaithe tráthnóna Dé Céadaoin.
Beidh sé á thórramh i dteach Tórraimh Uí Loideáin, An Cheathrú Rua, Déardaoin 14ú Aibreán ón 5pm to 7pm.
Cuirfear é í reilig Bharr a Doire an Dé hAoine tar éis paidreachaí i Séipéal Mhic Dara, An Cheathrú Rua ag 12.
Bláthanna ón gclann amháin. Síntiúis más mian, do Birdwatch Ireland, https://birdwatchireland.ie/donations/sra/
Beidh na paidreacha Dé hAoine dhá chraoladh beo ar:
https://mcnmedia.tv/camera/an-cheathru-rua
Leanfar le treoirlínte Covid-19 le linn na Sochraide. Bheadh muid buíoch dá gcaithfeadh gach duine masc. Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc thíos.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal
Date Published:
Wednesday 13th April 2022
Date of Death:
Monday 11th April 2022