Search Last 7 Days Death Notices

Róis Uí Mhianáin

The death has occurred of

Róis Uí Mhianáin
(née Ní Dhúill)

Derry City, Derry

Uí Mhianáin (née Ní Dhúill), Róis, Cúirt Joyce, Baile Mhic Rabhartaigh, Doire Cholm Cille, a fuair bás go suaimhneach san otharlann ar 26 Feabhra 2023. Bean chéile ionúin Phroinsias, nach maireann; máthair Phádraig, Róisín, Nóirín agus Ghearailt, agus máthair chéile Susan, Sheáin agus Bernie; máthair mhór Choilm, Phóil, Eoin, Chliodhna, Ruairí, Chathail, Fhionáin, Laoise, Bheil agus Chóil; sin-seanmháthair Fhiadh, Mhéabh, Eibhlín, Aodha agus Dhaithí; deirfiúr Breda, Pat, Michael, Agnes agus Martin, agus John, Jim, Marie agus Joe nach maireann. Caill mhór a bás dá clann, dá muintir agus dá cairde uilig.

 

Tá sí á faire sa bhaile. Tabharfar a corp go Teach Pobail an Teaghlaigh Naofa, Baile Mhic Rabhartaigh ar 11.30 a.m. Dé Máirt, 28 Feabhra. Beidh Aifreann an Tórraimh ann ag 12 meán lae agus cuirfear i Reilig na Cathrach í ina dhiaidh sin. Bláthanna teaghlaigh amháin. Thig le daoine, más mian leo, síntiús a thabhairt do Aware. Faoi bhrat Phádraig, Bhríde agus Cholm Cille go raibh sí.

 

Funeral from her home at Joyce Court, Ballymagroarty, at 11.30am on Tuesday, the 28th of February, for Requiem Mass at 12 noon at Holy Family Church, Ballymagroarty, Derry, followed by burial at the City Cemetery. Family flowers only, donations in lieu, if so desired, to Aware.

 

The Requiem Mass can be viewed online at the following link:

https://churchmedia.tv/holy-family-parish-ballymagroarty

 

Solas na bhFlaitheas dá hanam

Date Published:

Sunday 26th February 2023

Date of Death:

Sunday 26th February 2023

Express your sympathy

Would you like to mark a birthday, memorial mass or anniversary for a Loved One?

You can now create a family notice on RIP.ie to remember your loved one.

Send a Sympathy Card

View All

Memorial Gifts

View All