Search Last 7 Days Death Notices
Uí Chuill, Róisín (née Ní Thuama) Ráth Maoinis, Baile Átha Cliath 6, tar éis tinnis, in Oispís na Maighdine, Crois Araild ar an 17ú Iúil.
Cúis mhór bróin a bás dá clann, Nessa, Séamus, Síle, Con, Barra, Seán, Colm agus Anna Máire nach maireann. Méala, leis, é dá naonúr déag neacht agus nia, dá gar-neachtanna agus gar-nianna agus a cairde go léir. Tá sí anois i dteannta Dhónaill agus Iarlaith sna Flaithis. Suaimhneas síoraí dá hanam. Beifear á tórramh ina tigh cónaithe i Ráth Maoinis Dé hAoine 18ú Iúil óna 7pm go 9pm agus léifear Aifreann na sochraide dí in Eaglais an Ainm Naofa, Ascal Feadh Cuilinn, Raghnallach (D06 Y176) ar 10am Dé Sathairn 19ú Iúil. Cuirfear í i ndiaidh an Aifrinn i Reilig Sheangánaí. Bláthanna clainne amháin ach is féidir síntiúis a thabhairt d’Oispís na Maighdine, Crois Araild, a thug cúram iontach di.
Codladh Sámh Leoilí.
Donations in lieu of flowers to Our Ladys Hospice Harold's Cross Blackrock and Wicklow in Memory of Róisín Uí Chuill
Donate nowDate Published:
Thursday 17th July 2025
Date of Death:
Thursday 17th July 2025
