Search Last 7 Days Death Notices
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Bhásaigh Joe go suaimhneach i gcomhluadar a chlann in Áras Mhic Dara ar an gCeathrún Rua.
Ba as Cill Éinne ó dhúchas é, mac le Antoine Ó Briain agus Máire Ní Laoi (An Maimín) nach maireann. Imithe roimhe freisin tá a dheartháir Tomás.
Croíbhiste ina dhiaidh tá a chuid deartháireacha Pádraig agus Anthony, deirfiúracha Mary Ann, Cáit agus Bridie, nianna, neachtanna, a gcéilí agus a bpáirtithe, gaolta, comharsana agus ciorcal mór cairde.
Beidh Joe á thórramh I dteach tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc in Indreabhán tráthnóna Dé Domhnaigh ón 3.30-5 a chlog. Tabharfar a chorp as sin go Ros a’mhíl agus isteach abhaile ar bhád a 6 a chlog. Déarfar an páidrín sa teach ag a 10 a chlog oíche Dé Domhnaigh.
Aistreofar a chorp chuig Séipéal Naomh Bríd agus Naomh Oilibhéar Pluincéid I gCill Rónáin tráthnóna Dé Luain ag 5 a chlog.
Léifear aifreann na sochraide ag meán lae Dé Máirt agus beidh Joe á adhlacadh i Reilig Chill Éinne tar éis an aifrinn.
Bláthanna ón gclann amháin. Más mian leat, beidh deis agat síntiús a thabhairt do Chumann na mBád Tarrthála le linn na socraide.
Is féidir teachtaireacht chomhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos.
Date Published:
Saturday 18th April 2026
Date of Death:
Saturday 18th April 2026
