Search Last 7 Days Death Notices
It is with deep sadness we announce the death of Stephen Newman, Rhebogue, Limerick and formerly of Milford, Co. Cork and late Lecturer in Irish at Mary Immaculate College, South Circular Road, Limerick.
On November 13th 2025, peacefully, at University Hospital Limerick, surrounded by his loving family.
Beloved husband of June (Healy) and adored father of Emmet and Finn.
Stephen will be deeply missed and forever loved by his family, father Eamon, sisters Eileen and Edwina, sisters-in-law Jean and Chris, brothers-in-law Liam, Jason, Bryan and Paul, nieces Ellen, Hannah, Caoimhe and Maeve, aunts, uncle, cousins, other relatives, colleagues, students and many friends.
Pre-deceased by mother Joan.
May his gentle soul Rest in Peace
Reposing at Mary Immaculate Chapel, South Circular Road, Limerick (Eir code: V94 VN26) Sunday, November 16th, from 4pm to 6pm.
Requiem Mass Monday, November 17th, at 12pm, followed by Service in Shannon Crematorium at 2pm.
Stephen's Requiem Mass will be streamed live here
No flowers please. Donations, if desired, to the Irish Cancer Society
Stephen’s family would like to extend their sincere appreciation to the Doctors, Nurses and Staff of the Oncology Unit of University Hospital Limerick for their exceptional care and support.
Is cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt go bhfuil Stiofán Newman, An Réabóg, Luimneach, agus Áth an Mhuilinn, Co. Chorcaí roimhe sin, tar éis bháis. Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge igColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
Fuair Stiofán bás go suaimhneach ar an 13 Samhain 2025 agus a mhuintir ghrámar thart timpeall air.
Céile ionúin June agus athair geanúil Emmet agus Finn.
Méala mór a bhás dá chlann, dá athair, Eamon, dá dheifiúracha Eileen agus Edwina, dádheirfiúracha cleamhnais, Jean agus Chris, dá dheartháireacha cleamhnais, Liam, Jason, Bryan agus Paul, dá neachtanna, Ellen, Hannah, Caoimhe agus Maeve, aintíní, uncail, colceathracha, gaolta eile, comhleacaithe, mic léinn agus dá chairde uile.
D’éag a mháthair, Joan, roimhe.
Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Beidh sé á thórramh i gColáiste Mhuire gan Smál, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach (Éirchód: V94VN26) Dé Domhnaigh, 16 Samhain óna 4 go dtína 6pm.
Léifear Aifreann na Marbh Dé Luain, 17 Samhain, ar a 12pm, agus beidh Searmanas ina dhiaidh sin ag Créamatóiriam na Sionainne ar a 2pm.
Ná tugaigí aon bhláthanna, le bhur dtoil, ach is féidir síntiúis a thabhairt do Chumann Ailse na hÉireann más mian libh.
Ba mhaith le teaghlach Stiofáin buíochas ó chroí a ghabháil leis na dochtúirí, na haltraí agus leis an bhfoireann ar fad san Aonad Oinceolaíochta in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, as a gcabhair agus a dtacaíocht iontach.
.
Date Published:
Friday 14th November 2025
Date of Death:
Thursday 13th November 2025