Search Last 7 Days Death Notices
Bhásaigh Taimín go suaimhneach in Áras Chois Fharraige ar an Aoine an 10 Aibreán. Imithe roimhe ar shlí na fírinne tá a athair Dan, a mháthair Sailí agus a dheartháireacha Maidhcín agus Seán. Go brónach ina dhiaidh tá a dheartháir Máirtín, clann Mhaidhcín agus Sheáin, gaolta eile, cairde agus comharsanaí.
Beidh Taimín á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Neachtain (H91 AF40) ar an gCnoc ar an Domhnach an 12 Aibreán ón 4.00i.n. – 6.00i.n. Aistreofar a chorp ina dhiadh sin go dtí Séipéal Chill Éinde, an Spidéal. Léifear Aifreann na marbh Dé Luain i Séipéal Chill Éinde ag a 11r.n. Cuirfear é tar éis an Aifrinn i Reilig Mhaoiris, Baile na hAbhann.
Bláthanna ón gclann amháin, ach is féidir síntiús a thabhairt más mian d’Áras Chois Fharraige.
Beidh an tAifreann dhá chraoladh beo ar: An Spidéal – ChurchTV
Is féidir teachtaireacht comhbhróin a fhágáil ar an nasc comhbhróin thíos, más mian.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Date Published:
Saturday 11th April 2026
Date of Death:
Friday 10th April 2026
