Search Last 7 Days Death Notices
Ó MONACHÁIN Tomás (Tom); (Gaoth Dobhair agus Béal Feirste) - a fuair bás go suaimhneach sa bhaile ar an 7 Lúnasa 2023. Caill mhór don teaghlach uilig. Fear céile dílis ag Brighid (Nic a’ tSionnaigh); athair grámhar ag Anna, Colmcille, Ailbhe, Sorcha, Éabha agus Máire; athair céile ag Francine, Seán agus Tom; athair mór ceanúil ag Cainnear, Oscar, Glaisne, Diarmaid, Luisne, Cathal, Cairbre, Lasairfhíona agus Caoilte; uncail ag Clare, Patricia agus Peter; deartháir céile ag Gertrude, Malachi agus Betty. Imithe roimhe ar shlí na fírinne tá a dheartháir Joe; a dheirfiúracha cleamhnais Yvonne agus Mairead agus a dheartháireacha cleamhnais Seán agus Éamonn Fox.
Beidh an fhaire sa bhaile ar an Ard Donn (F92 P5V0), Dé Máirt agus Dé Céadaoine. Déarfar an paidrín ar a 8 a chlog an dá oíche.
Beidh Aifreann an Tórraimh i dTeach Pobail Mhín Uí Bhaoill (F92 CH22); ar a 1pm, Déardaoin, ar an 10 Lúnasa 2023. Cuirfear i Reilig Mhachaire Gathlán é.
Bláthanna ón teaghlach amháin. Más mian leat, tabhair síntiús do Naomh Uinseann de Pól Ghaoth Dobhair. Beidh Aifreann an Tórraimh le feiceáil ar leathanach Facebook an adhlacóra Kieran Roarty. https://bit.ly/3DoIMmE
Suaimhneas síoraí dó.
“Nuair a théid sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách.”
Date Published:
Tuesday 8th August 2023
Date of Death:
Monday 7th August 2023
