Eimear Ní Ógartaigh
Is mian linne, deirfiúr agus deartháireacha Eimear, buíochas ó chroí a ghlacadh le chuile dhuine a chásaigh linn nuair a bhásaigh Eimear, timpeall an ama seo anuraidh.
Táimid an-bhuíoch dár gclann, dár gcomharsain, dár gcomhleacaithe agus dár gcairde as ucht bhur gcuid tacaíochta.
Is mór againn an dua a chuir daoine orthu féin taisteal chun na sochraide. Táimid fíor-bhuíoch freisin dóibh siúd a sheol teachtaireachtaí comhbhróin agus cártaí Aifrinn chugainn.
Táimid faoi chomaoin ag Oispís na Gaillimhe agus ag na banaltraí agus na dochtúirí in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh as an gcúram agus an aire a tugadh d’Eimear le linn a tinnis.
Eimear’s sister and brothers wish to thank everyone who sympathised with us on our sister’s death in August 2022.
We really appreciate the kindness and compassion of our relatives, neighbours, friends and colleagues. We are grateful to those who came to the removal or to Eimear’s funeral Mass, many travelling long distances. We also thank those who sent Mass cards or messages of condolence.
We are indebted to the Cancer Unit in University Hospital Galway where Eimear received such great care and kindness and also to Galway Hospice for the respect and dignity shown to Eimear in her final days.
Suaimhneas na síoraíochta ar a h – anam séimh