Ba mhaith le muintir Nóirín Ó Dálaigh, 56 Ascaill Pháirc na Carraige, Trá Lí, a d'éag ar an 19 Feabhra 2026, buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuir a gcomhbhrón in iúl dóibh ar a méala mór.
Táimid fíorbhuíoch de na cairde, na comharsana agus na daoine go léir a ghlaoigh chugainn sa bhaile, a d'fhreastail ar an dtórramh, ar an Aifreann agus ar an adhlacadh, a thug tacaíocht dúinn le linn do Nóirín a bheith san ospidéal agus tar éis di imeacht ar Shlí na Fírinne. Táimid buíoch chomh maith díobh siúd a chuir glaoch fóin, a thaistil aistear fada, agus a chuir bláthanna, cártaí agus teachtaireachtaí comhbhróin chugainn.
Tá buíochas ar leith tuillte ag:
- An Dr. Lena Mary Houlihan, Néaramháinlia Comhairleach agus a foireann, An Dr. Sinéad Noonan, Oinceolaí Leighis agus a foireann, agus dochtúirí, altraí agus foireann Aonad Cúraim Mhaolaitheach Thrá Lí;
- Noreen & Denis Healy agus Mary & Tim Ó Súilleabháin, a d'oscail a ndoirse dúinn go fial flaithiúil le linn do Nóirín a bheith in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh;
- Iad siúd a thug bia dóibh siúd go léir a d'fhreastail ar an dtórramh, ar an sochraid agus dúinne sa bhaile: Maureen & Christy Enright, Goretti Arthurs, Catriona Madden, Mary Ellen Fitzgerald, Máirín Uí Lionáird, Peigí Bean Uí Aodha, Nóirín Big Dan Bean Uí Scannail, Colette Cotter, Caroline Danaher (Dingle Food Company);
- Iad siúd a chabhraigh le heagrú agus le freastal le linn an tórraimh agus i ndiaidh na sochraide: Muintir Uí Chríodáin, Joanne Kelly, Cathal Fenton, Jer Ó hÉalaithe, Séamus Ó Súilleabháin & Cathal Ó Riada;
- Síle Bean Uí Luasa as na maisiúcháin, cóiriú na mbláthanna agus na bplandaí áille;
- An tSiúr Pauline, Pat & Éilís Ó Súilleabháin, agus Sara Conway as na bláthfhleascanna áille;
- Lucia O’Mahony a d'ullmhaigh gruaig Nóirín le grá agus le cúram;
- Rinceoirí seite ‘Na Gaeil’ agus Larry Creed as sraith álainn seiteanna a eagrú i gcuimhne ar Nóirín;
- Iad siúd a sheinn ceol álainn ag an dtórramh: Lia, Naoise & Sadhbh Jordan; Sulán, Béibhinn & Luagh Ó Súilleabháin; Conchubhar & Muireann Ó Luasa;
- Do gach duine a chan chomh hálainn sin ar son Nóirín ag an dtórramh agus i ndiaidh na sochraide; Eoiní Maidhcí agus Danny Ó Súilleabháin; Sadhbh & Naoise Jordan; Seán & Conchubhar Ó Luasa; Rhea Ní Lionáird agus Ciarán MacDomhnaill;
- Iad siúd go léir a ghlac páirt san Aifreann: An tAthair Mac Cárthaigh, An tAthair Ó Cadhla, Ger Lynch, Peadar Ó Riada & Cór Chúil Aodha;
- Dónal Connor, adhlacóir, as a chúram agus a ghairmiúlacht i mbainistiú na socruithe.
-
Dóibh siúd go léir a chabhraigh in aon tslí, tá bhur gcineáltas tar éis ár gcaillteanas a éadromú. Ós rud é nach féidir linn buíochas a ghabháil le gach duine ar leithrigh, ba mhór againn dá nglacfadh sibh leis an admháil seo mar chomhartha buíochais ónár gcroíthe amach. Ofrálfar Íobairt Naofa an Aifrinn ar son bhur n-intinní.
Beidh Aifreann Cuimhneacháin Nóirín i Séipéal Chúil Aodha ar an nDomhnach, 19 Aibreán 2026 ar 10 a chlog r.n. Fáilte roimh chách.
The family of the late Nóirín Ó Dálaigh of 56 Rock Park Avenue, Tralee, who died on 19 February 2026, would like to thank most sincerely all those who sympathised with them on their great loss.
We offer our heartfelt thanks to the many friends, neighbours and well-wishers who visited our home, attended the wake, Mass and burial, and who supported us when Nóirín was in hospital and after she passed. For those who telephoned, travelled long distances, sent floral tributes, cards and messages of condolence, we are truly grateful.
A special word of thanks to:
- Ms Lena Mary Houlihan, Consultant Neurosurgeon and team, Dr Sinéad Noonan, Medical Oncologist and team, and the doctors, nurses and staff of the Palliative Care Unit in Tralee;
- Noreen & Denis Healy and Mary & Tim O Sullivan, who kindly opened their homes to us while Nóirín was in Cork University Hospital;
- Those who provided food for all those who attended the wake, the funeral and for us: Maureen & Christy Enright, Goretti Arthurs, Catriona Madden, Mary Ellen Fitzgerald, Máirín Uí Lionáird, Peigí Bean Uí Aodha, Nóirín Big Dan Bean Uí Scannail, Colette Cotter, Caroline Danaher (Dingle Food Company);
- Those who assisted with organising and hosting the wake and funeral reception: Muintir Uí Chríodáin, Joanne Kelly, Cathal Fenton, Jer Ó hÉalaithe, Séamus Ó Súilleabháin & Cathal Ó Riada;
- Síle Bean Uí Luasa for the beautiful floral and botanical arrangements;
- Sister Pauline, Pat & Éilís Ó Súilleabháin, and Sara Conway for the beautiful wreaths;
- Lucia O’Mahony, who styled Nóirín's hair with love and care;
- ‘Na Gaeil’ set dancers and Larry Creed for organising a lovely series of sets for Nóirín;
- Those who played such wonderful music at the wake: Lia, Naoise & Sadhbh Jordan; Sulán, Béibhinn & Luagh Ó Súilleabháin; Conchubhar & Muireann Ó Luasa;
- To all who sang so beautifully for Nóirín at the wake and after the funeral including Eoiní Maidhcí agus Danny Ó Súilleabháin; Sadhbh & Naoise Jordan; Seán & Conchubhar Ó Luasa; Rhea Ní Lionáird and Ciarán MacDomhnaill;
- All those who participated in the Mass: An tAthair Mac Cárthaigh, An tAthair Ó Cadhla, Ger Lynch, Peadar O Riada & Cór Chúil Aodha;
- Donal O'Connor, funeral director, for his sensitive and professional handling of arrangements.
To those who helped in any way, your kindness has made our loss more bearable. As it would be impossible to thank everyone individually, please accept this acknowledgement as an expression of our deepest gratitude. The Holy Sacrifice of the Mass will be offered for your intentions.
Nóirín’s Memorial Mass will be held on Sunday, 19 April 2026 at 10am in Séipéal Chúil Aodha. All are welcome.