Menu
Color & Font:
Font Size
Contrast

Acknowledgement

Acknowledgement

Roy Heany

 Roy Heany 

Spiddal, Galway / Longford

Ó hÉanna, Roibeárd

Luí na Gréine, Baile an tSagairt, An Spidéal, Contae na Gaillimhe

29ú Bealtaine 2023 D’iarr Dia ar Roibeárd Teacht Abhaile

 

Ar an lá seo, cothrom an lae a bhásaigh sé bliain ó shin, ba mhaith liomsa, Mairéad, bean céile Roibeárd, mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do chuile duine a rinine comhbhrón liom tar éis an bás. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do chairde dílis Roibeárd a d’oibrigh leis i gColáiste Wesley. Is mian liom triúir faoi leith a ainmniú – Ernest Bryon, Dick O’Connor, agus a chara buan Diarmaid Ó Crualaoich. Chomh maith leis sin, táim an-bhuíoch d’iarscoláirí Roibeárd ón gcoláiste.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le chuile duine a thaistil chuig sochraid Roibeárd. Tá buíochas speisialta tuillte ag ár gcomharsana as Baile an tSagairt, a chuaigh ar aistear fada chun freastal ar sochraid Roibeárd, agus ag na comharsana nach raibh in ann teacht ach a sheol cártaí aifrinn agus teachtaireachtaí comhbhróin chugam. Do na cairde lasmuigh den sráidbhaile a chur cártaí agus teachtaireachtaí agam, agus dóibh siúd a roinn teachtaireachtaí ar líne chomh maith – táim fíor bhuíoch daoibh uilig.

 

Tá buíochas ó chroí le cur in iúl agam do chol ceathracha Roibeárd i mBéal Átha na Lao, i gCríonach agus i Longford, chomh maith lena dteaghlaigh. Míle buíochas do Martin agus Ann, a thug an oiread tacaíocht dom. Beidh mé buíoch do Martin go deo, a rinne teagmháil liom go minic chun socruithe riachtanacha a eagrú i Longford. D’fhan mé leis féin agus lena bhean chéile Ann tar éis na sochraide agus chuir siad ar mo chompord mé, bhí siad an-fhlaithiúil agus tacúil. Thug siad chuig an reilig mé chuile lá le am a chaitheamh le Roibeárd. Ba mhian liom mo bhuíochas ionraic a chur in iúl do mhuintir McGuinness, a bhí cairdiúil le Roibeárd ar feadh a shaol. Go raibh maith agaibh Mary agus John McGuinness, bhí sibh i gcónaí ann dom féin agus do Roibeárd.

 

Freisin, buíochas ollmhór don tAthair Sean McHugh, an tAthair John Gerard Acton agus an tAthair John O’Halloran a bheannaigh Roibeárd agus a ghuí liom nuair a bhí Roibeárd ag fáil Beannacht na n-Easlán, seachtain sular cailleadh é. Ba mhaith liom an chléir chineálta a lua a tháinig ar an 29ú Bealtaine 2023, le linn clog an Aingil, chun guí ar son Roibeárd agus é ag dul ar shlí na fírinne. Caithfidh mé buíochas ó chroí a ghabháil leis an t-Oirmhinneach Simon Scott freisin, as ucht an tseirbhís sochraide dínit, na focail chompord, agus na paidreacha. Anuas ar sin, tá an cóir le moladh, a chan na h-iomainn go binn tríd an seirbhís in éineacht le tionlacan suaimhneach sollúnta - mo bhuíochas freisin don dream sa séipéal a chan leo.

 

Buíochas ó chroí d’achlacóirí Glennon a bhí cúramach agus proifisiúnta agus iad ag déanamh socruithe, go h-áirithe agus iad ag tógáil Roibeárd, mo stór, ón teach tórraimh i nGaillimh go dtí a h-áit scíthe deiridh.

 

Míle buíochas do na dochtúirí, na h-altraí agus an lucht oibre uilig i mbarda Naomh Treasa in Ospidéal na Gaillimhe, a thug aire den scoth do mo ghrá geal Roibeárd, ag léiriú comhbhá ina threo agus é ann. Thug siad aire dó de lá agus d’oíche – 24 uair sa lae, ó dhubh go dubh, agus chaith siad leis go cineálta i gcónaí, ag cinntiú go raibh sé compordach. Ní h-amháin sin, ach bhí siad go h-álainn liom féin chomh maith, mar aon leis an bhfoireann lónadóireacht.

 

Táim ag iarraidh buíochas ó chroí a chur in iúl do na h-altraí, na cúramóirí agus an chuid eile den bhfoireann i dTeach Altranais Naomh Muire freisin, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar an bhfoireann lónadóireacht iontach anseo ach an oiread. Is fiú go mór an deis a thógáil anseo Patricia a lua, tá buíochas faoi leith tuillte aici mar bhaill an-speisialta den lucht oibre sa teach altranais. Bhraith mé uirthi go laethúil, go h-áirithe i rith an phaindéim Covid-19 agus i rith blianta dheiridh Roibeárd – bhí sí ann i gcónaí dom. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do Yvonne agus Lorraine chomh maith, a rinne turas fada chuig sochraide Roibeárd.

 

Tá mé an-bhuíoch do dhochtúir ginearálta Roibeárd, Dr Brian O’Flynn, agus a fhoireann, a thug aire proifisiúnta dó aon uair a theastaigh sé uaidh. Bhí siad comhbhách agus cineálta le linn a gcuid oibre. Buíochas ollmhór do Sinéad agus Adrian Mullins agus don bhfoireann i gCogaslann Mullins i mBóthar na Trá as ucht a gcuid tacaíocht agus cúnamh thar na blianta. Ba mhaith liom buíochas faoi leith a chur in iúl dá máthair, a tháining chuig sochraide Roibeárd.

 

Go raibh míle maith agat do Keri-Ann agus Bernie in Anthony Ryans a chabhraigh liom leis na riachtanais do Roibeárd.

 

Faoi dheiridh, tá mé ag iarraidh buíochas ó chroí a chur in iúl do mo chlann – mo dheirfiúr Nancy a bhí i gcónaí ann dom féin agus do Roibeárd. Beidh mé buíoch go deo dhuit as ucht do chineáltas agus do thacaíocht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo neachtanna agus nianna uilig a chur an oiread cúnamh agus compord ar fáil dom le linn an tréimhse deacair, brónach seo.

 

Ó tharla go bhfuil sé do-dhéanta chuile duine a lua, ofrálfar Íobairt Naofa an Aifrinn do bhur rúin.

 

Ar dheis Dé go raibh a anam

 

‘A Bhás cá bhfuil do ghath

0 is mór do bhua’

Slán I armas íosa

Maps