Cuimhneachán Bliana: 14 Eanáir 2021
Tomás Ó Mainín, Tíorabháin, Baile an Fheirtéaraigh
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a thacaigh linn agus a chur a gcomhbhrón in iúl dúinn agus sinn ag cuimhneamh go ceanúil ar Daid cothrom an lae a shleamhnaigh sé uainn. Tá fear céile, athair, athair críonna agus athair céile cneasta, séimh imithe uainn.
Táimid buíoch díbhse a dhein comhbhrón linn trí ghlaonna teileafóin, trí theachtaireachtaí fóin, le cártaí Aifrinn agus le bláthanna agus sibhse a d’ullmhaigh bia dúinn le linn laethanta deacra na sochraide. Ba mhór againn na litreacha deasa a seoladh chugainn ag roinnt cuimhní geala linn faoi laethanta siar. Ár mbuíochas le Wilf Judd a dhein tionlacan ceoil ar a aistear deireanach abhaile ar a lá breithe, lá a adhlacadh, le daoine muinteartha, le cairde agus comharsain i ngar agus i gcéin. Buíochas leo siúd ar fad a sheas ar thaobhanna an bhóthair le linn aimsir na sochraide. Táimid buíoch don Athair Ó Cadhla a léigh Aifreann na sochraide agus don Athair Mac Ginneá a dúirt na paidreacha cois uaighe agus don Athair Ó hÍceadha - méadú ar a ghlóir sna flaithis. Buíochas le Dónal O’Connor, adhlacóir a bhí chomh cabhrach agus proifisiúnta agus leo siúd a réitigh a leaba shíoraí sa teampall. Buíochas leo sin a dhein garda onórach ag geataí an teampaill, le Breanndán Ó Beaglaoich agus leis na hamhránaithe a chan sa teampall - Ciara de Mórdha, Nell Ní Shé agus Caoimhe Ní Dhubháin. Ár mbuíochas leis an bhfoireann ar fad in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne, leis an bhfoireann in Ionad Leighis an Daingin agus le foireann Phoitigéir Uí Chaoimh agus leo siúd a sheol síntiús chuig chiste Chompord na nOthar in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne. Táimid go mór faoi chomaoin agaibh ar fad.
Ó tharla nach bhfuil ar ár gcumas buíochas a ghabháil le gach duine go pearsanta, tá súil againn go nglacfar leis an bhfocal buíochais seo uainn. Léifear Aifreann ar son bhur n-intinní.
Beidh Aifreann cuimhneacháin bliana ar siúl ar an Aoine an 14ú Eanáir i Séipéal Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh ag a 7 a’ chlog tráthnóna.
Tháinig Muire is do shuigh sí taobh liom,
Chuir sí a láimh im láimhse sínte,
Is sheol sí slán mé saor ón ngríosach.
Cros Bhríde ag mo cheann,
Scaball Mhuire ar m’ucht,
Mícheál Naofa is an Phaidrín Páirteach,
Im’ sheoladh abhaile
go Cathair na Glóire
ar Neamh..
___________________________________
As we fondly remember Dad on the first anniversary of his death, we wish to express our gratitude to everyone who sympathised with us on our loss. Your calls, cards, flowers, contributions to patient comfort fund, messages and kind words were of great support to us and we acknowledge all you who shared in our bereavement. We appreciate the effort people made to express their condolences in what were unprecedented and difficult circumstances at the time due to public health restrictions. We are indebted to relatives and friends and many people in our community who supported us. The holy sacrifice of the Mass will be offered for your intentions.